Sárcheol Shobaleader One
5 réalta do scoth an albaim!

Fanann rudaí áirithe leat.

An chéad uair a chualas ceol Tom Jenkinson, nó Squarepusher mar is fearr aithne air, bhíos suite i mo sheomra leapan in árasán i gcathair Bhriostó, oíche amháin thiar in 1996.

Bhí mé ag éisteacht le clár John Peel agus léim ‘Squarepusher Theme’ amach as an raidió orm.

Ní raibh aon rud ar nós na foirfeachta agus na sofaisticiúlachta lena raibh dord-línte leachtúla jazz-funk cloiste cheana agam, agus é measctha le cordaí lonracha agus rithimí jungle ag Jenkinson.

Níl ó shin, ach oiread.

Anuas ar theicniúlacht an cheoil, bhí an ceol a bhí á chlos den gcéad uair agam an oíche úd lán de chraic agus spraoi.

Inniu aithnítear Jenkinson (a chuir oiliúint air féin cuimhnigh) mar dhuine dos na dord-ghiotaraithe is cumasaí ar domhan, ach in 1996 ní raibh tuairim agam conas a bhí an ceol iontach seo á thaifeadadh aige.

Mar a tharla, bhí an cnaipe ‘taifead’ brúite agam ar an téipthaifeadán, is táim fiáin chun ceol Squarepusher ó shin.

Albam beo é Electrac ina bhfuil leaganacha Jenkinson agus a chomrádaithe sa ghrúpa Shobaleader One de sheoda ó iar-chatalóg Squarepusher.

Uaireanta bogann ceol Jenkinson níos tapúla ná luas na smaointeoireachta, agus tá cumas teicniúil an ghrúpa agus iad ag casadh beo dochreidte.

Ní haon ionadh go bhfuil formhór an 11 rian ar Elektrac roghnaithe ó luath-albaim Squarepusher (Feed Me Weird Things, Hard Normal Daddy, Music Is a Rotted One Note) óir feileann blas beo cheol na n-albam úd don ngrúpa beo.

Tá an ceol beo seo dílis go maith dos na bun-taifeadtaí, cé go n-iompáitear ‘Don’t Go Plastic’ ina odaisé jazz-funk cheart.

Malartaíonn ‘Delta V’ idir thrash-metal ar mire agus funk-rock leithéidí Frank Zappa.

Tá léamh beo an ghrúpa ar ábhar níos trialaí mar ‘Antromm Feck 4’ (ón albam Do You Know Squarepusher) thar na bearta, ní hamháin ó thaobh cumas ceoil ach ó thaobh na samhlaíochta de freisin.

Údar áthais é saoi ceoltóirí mar Tom Jenkinson a bheith linn ar an saol seo.

Bheadh dreapadh go barr Chnoc Bhréanainn i gceist chun moladh chomh hard is atá tuillte a thabhairt do Elektrac.