Scór ban ag ceol go domhain
Albam nua ag Deep Throat Choir

Cór ban é Deep Throat Choir a gineadh agus é mar aidhm ag Luisa Gerstein (ón ngrúpa eachtrúil Sasanach Landshapes) filleadh ar mhodh níos simplí chun ceol a dhéanamh; as glór an duine, go háirithe.

Bunaíodh an togra in 2013, agus cé nach raibh i gceist ag an tús ach ceathrar nó cúigear ban a thabhairt le chéile go neamhrialta chun cleachtadh, anois bíonn breis agus scór amhránaithe i láthair ag cruinniú seachtainiúil an chóir i séipéal in Oirthear Londan.

Más cuimhin leat leaganacha an chóir Bheilgigh Scala & Kolacny Brothers de shingilí móra leithéid U2, Depeche Mode agus Radiohead, tuigfidh tú nach é Deep Throat Choir an chéad chór ban a thug faoin leagan clúdaigh mar chleas chun éisteoirí a mhealladh.

Ach más leaganacha clúdaigh is mó atá le clos ar Be Ok, tá rogha níos aduaine i gceist.

Aithneofar ainmneacha mar Bjork, Amy Winehouse agus Little Dragon, gan dabht, ach cad faoi Wildbirds and Peacedrums, Dark Dark Dark, agus Sylvan Esso?

Anuas air sin, tá cúpla scoth-amhrán féin-chumtha ag baill an chóir le clos. Tugann ceann acu, ‘Ada’, siar mé go dtí an chéad uair a chuala ‘The Valleys’ leis an mban-ghrúpa indie as Brighton.

Tá cumhacht ag baint le scata ban ag canadh líne mar ‘I’ll be ok, mirror me, mirror’ (Be Ok’) nach mbeadh le braistint muna mbeadh ach amhránaí aonair á chanadh.

Tá fuinneamh cumhachtach na comhiarrachta ag baint le leagan Deep Throat Choir de ‘Stonemilker’ le Bjork, freisin.

Ní raibh an t-amhránaí Íoslannach riamh chomh mór ar a haonar is atá sí ar a halbam is déanaí, ‘Vulnicura’, ach nuair a chanann cór, seachas bean aonair, an líne “show me emotional respect”, iompaíonn an t-amhrán ina aintiún comhchoiteann.

Tá cleas eile ar fad i gceist nuair a thugtar faoi aithris ghutha a dhéanamh ar rifeanna sintéiseora na seoide house ‘Burnin’ le Mark Kinchen (MK).

Ceann do lucht rince na bhféilte ceoil.

Cuirfidh leaganacha sobhlasta Deep Throat de ‘Hey Mami’ le Sylvan Esso agus ‘The Wave’ le Wildbirds and Peacedrums fonn ort tabhairt faoi YouTube chun na bunleaganacha a aimsiú, is níl aon locht ach an oiread ar leaganacha an chóir de ‘In My Bed’ le Winehouse agus ‘Ritual Union’ le Little Dragon.

Seans, mar sin féin, go mbeidh tú tuirseach de stíl Deep Throat Choir roimh dheireadh an albaim, go háirithe tar éis dóibh an ‘Baby’ (cumtha ag Donnie & Joe Emerson) maoth a bhrú ort.

Albam a ndéanfá piocaireacht air agus an giúmar ceart ort.