Seachtain amháin fágtha le hainmniúcháin a dhéanamh do Ghradaim NÓS 2020

Níl ach seachtain amháin fágtha ag léitheoirí NÓS bannaí ceoil agus ceoltóirí a ainmniú do Ghradaim Cheoil NÓS 2020 a bheidh ar siúl sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath ar an 24 Eanáir 2020. 

Baileoidh na Gaeil den chúigiú bliain as a chéile san ardchathair ag tús na bliana seo chugainn le ceiliúradh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta le bliain anuas i saol an nuacheoil Gaeilge. 

Tá tábhacht mhór leis an gceol do shláinte ár dteanga agus tá sé chomh tábhachtach céanna ár mbannaí, ár gceoltóirí, ár scríbhneoirí ceoil, ár stiúrthóirí ceoil agus a gcuid éisteoirí a thabhairt le chéile chun an ghé bhríomhar uathúil seo den saol a chomóradh.

Ocht ngradam a bhronnfar i mbliana agus tá go dtí Déardaoin, an 12 Nollaig, ag ceoltóirí agus bannaí ceoil cur isteach ar na rannóga éagsúla. Is féidir moltaí a dhéanamh ar an leathanach seo.

Fógrófar an gearrliosta le linn mhí na Nollag agus beidh an ócáid bhronnta agus ceolchoirm spraíúil — le cuid de na bannaí Gaeilge is aitheanta dá bhfuil ann — ar siúl Dé hAoine 24 Eanáir 2020 sa Sugar Club. Is féidir ticéad a cheannach don ócáid anseo

Seo liosta na mbuaiteoirí ó Ghradaim NÓS 2019:

Amhrán na Bliana

Amach Anocht – Kneecap

Albam na Bliana

3CAG – Kneecap

Albam na Bliana (Traidisiúnta)

An Tobar Séimh — Cárthach Mac Craith

Físeán na Bliana

Amach Anocht – Kneecap

Ealaín Albaim na Bliana

3CAG – Kneecap

Nuíosach na Bliana

Woodheart

Banna na Bliana

Kneecap

Féile na Bliana

An Puball Gaeilge