Sean-nós cois cuain
Lá mór amhránaíochta i mBéal Feirste


CEOL: Sean-Nós na Fearsaide; Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste / Dé Sathairn 6 Feabhra, 10.30rn + 9in

Déanfar ceiliúradh ar thraidisiún an tsean-nóis i mBéal Feirste le linn an lae amárach.

Sean-Nós na Fearsaide atá á thabhairt acu ar an ócáid speisialta seo ar a mbeidh idir cheardlanna agus cheolchoirm ar siúl.

Páirteach beidh na hamhránaithe aitheanta Aodán Ó Ceallaigh, Connie Mhary Mhicí, Saileog Ní Cheannabháin (thuas), agus Éamon Ó Donnchadha.

Is in Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma a reáchtálfar an lá, leis na ceardlanna ar siúl ó 10.30rn go 4.30in agus ceolchoirm na hoíche ann ar 9in.

£5 atá ar na himeachtaí agus is féidir do bhuidéal féin a thabhairt leat!