Seinnliosta Fhéile na Gealaí
Scoth an cheoil beartaithe i Ráth Chairn an ds seo!

Tá seinnliosta ‘Féile na Gealaí’ curtha amach ag an chairt-staisiún Gaeilge Raidió Rí-Rá ar Spotify, a léiríonn cuid den cheol iontach a bheas le cloisteáil ag an fhéile champála i Ráth Chairn, Contae na Mí, ag an deireadh seachtaine.

Agus labhairt le NÓS di, dúirt Niamh Ní Chróinín, bainisteoir agus láithreoir Raidió Rí-Rá, a chuir an seinnliosta le chéile, gur “blaiseadh beag” atá ann de scoth na gceoltóirí a bheidh ar ardán le linn na féile.

“Bhí mé ag iarraidh seinnliosta a chur le chéile le go mbeadh daoine in ann cluas a thabhairt do roinnt den gceol atá ar chlár na féile sula dtéann siad,” arsa Niamh.

“Is nós liom féin sula dtéim go ceolchoirm nó féile cúpla lá a chaitheamh ag éisteacht le ceol an ghrúpa nó amhránaithe áirithe chun buzz maith a chothú.”

Agus rianta le Boss Sound Manifesto (banna ska as Béal Feirste, thuas), rapairí IMLÉ, an tAlbanach ildánach Griogair Labhraidh agus an bheirt amhránaithe óga Emma Ní Fhíoruisce agus Lauren Ní Chasaide tugtha le chéile ar an seinnliosta, is léiriú maith é ar an éagsúlacht iontach ar féidir le daoine a bheith ag súil leis.

“Bhailigh mé na ceoltóirí ar fad a bhfuil a gcuid ceoil ar fáil ar Spotify ach tá go leor ceoltóirí iontacha eile in easnamh a bheas ag seinm ag an bhféile.”

Cé gur féile bheag agus óg í, tá Féile na Gealaí, atá á reáchtáil don dara bliain as a chéile, á lua i measc mhórfhéiltí ceoil na tíre, dar le Niamh.

“Tá go leor cainte faoi anseo in oifigí Raidió Rí-Rá agus cuid mhór daoine ag súil leis an deireadh seachtaine, mar a bheadh EP nó Body and Soul i gceist.”

Anuas ar a bheith ina cheiliúradh agus ina spreagadh mór don nuacheol Gaeilge, is imeacht tábhachtach siamsa atá san fhéile a tharraingíonn pobal bríomhar na Gaeilge le chéile.

“Níl aon amhras ach go n-osclaíonn ceol doirse,” arsa Niamh.

“Is minic daoine ag rá liom go mbíonn siad ag lorg deise lena gcuid Gaeilge a úsáid.

“Tugann imeachtaí ar nós Féile na Gealaí daoine le chéile chun taitneamh a bhaint as an saol fríd an Ghaeilge.”

Cuirigí an seinnliosta ar siúl agus pacálaigí na malaí, a chairde! Níl ach trí lá le dul!


Gach eolas faoi thicéad agus cúrsaí taistil ar fáil ar leathanach Facebook Féile na Gealaí anseo! Tá an clár iomlán thíos! 

Dé hAoine 16 Meitheamh – Ceol ar an pháirc

7in – Lauren Ní Chasaide
7.45in – Dó Fá Dó
8.45in – JJ Ó Dochartaigh
9.50in – Dysania
11.00in – Éamonn agus Michael sa chlub

Dé Sathairn 17 Meitheamh ó 11rn-4in – Imeachtaí sa Chlub

11rn – Óga Yoga agus Caint le Dáithí as na Gaeil Óga sa chlub (dhá imeacht éagsúla)
12in – Siúlóid stairiúil den cheantar
12.30-1.30in – Comhchraoladh Raidió Fáilte & Raidió na Life sa chlub.
1.00in – Ceardlann Gaidhlig (club)
2.00in – REIC (club)
3.00in – GaelGÁIRÍ (club)

* Beidh imeachtaí teaghlaigh á reáchtáil ag Glór na nGael sa pháirc chuimhneacháin (uilig saor in aisce), ó 1.00-5.00 Dé Sathairn. Beidh ‘Giggles’ an fear grinn ann, péinteáil aghaidheanna, seisiún traenála leis na Gaeil Óga, ceardlanna damhsa, cluichí agus ranganna machnaimh do phaistí le Solas Relaxation.

Dé Sathairn, 17 Meitheamh – Ceol ar an Pháirc
4.30in – Cathal Banjo Ó Curráin
5.00in – Diane & Ruairí Cunnane
5.30in – IMLÉ
6.30in – LAS
7.00in – Emma Ní Fhíoruisce
7.45in – Griogair Labhraidh
8.30in – SCANNAL
10.00in – Boss Sound Manifesto