Seo an t-amhrán Béarla is sona riamh, ach cén t-amhrán Gaeilge is áthasaí?


Tá a fhios ag an saol mhór gur féidir leis an cheol cheart spionn maith a chur orainn.

Má tá muid ag dul amach don oíche nó ag iarraidh muid féin a spreagadh roimh Chluiche Ceannais na hÉireann, tá amhrán ann leis an bheart a dhéanamh.

Chun teacht ar an amhrán is sona ar domhan áfach, chum an néareolaí Ísiltíreach Jacob Jolij foirmle a d’iarr ar dhaoine i Sasana an t-amhrán is áthasaí, dar leo, as 126 amhrán a roghnú agus ansin rinne sé scrúdú ar na buillí sa nóiméad (BMP) a bhí ag gach amhrán, mar aon lena liricí, eochair agus téama.

Fuair sé amach go mbíonn ráta ard buillí ag na hamhráin is mó a thugann mothúcháin áthasacha do dhaoine – bhí a luas idir 140 agus 150 BPM i gcomparáid leis an ghnáthráta de 118 BPM a bhíonn ag popamhráin go hiondúil.

Agus, mar a fheictear thuas, fuarthas amach sa taighde gurb é ‘Don’t Stop Me Now’ le Queen ón bhliain 1978 an t-amhrán is lúcháirí dá bhfuil ann.

Ar an ábhar gur amhráin Bhéarla a bhí i gceist anseo áfach, chuir sé muid ag smaoineamh… cad é an bunamhrán Gaeilge is sona ar dhroim an domhain?

Ceann tapa traidisiúnta mar ‘Téir Abhaile Riú’?

‘An Dreoilín’ le Seán Monaghan?

‘Cabhraígí Léi!’ le Kíla?

Cabhraígí linn teacht air agus roinnigí bhur roghanna anseo thíos, ar Facebook nó ar Twitter.