Seo chugainn ‘Liúnatics’!
Ach cad é?


Cuirfear tús le hoíche nua cheoil darb ainm ‘Liúnatics’ ag tús na míosa seo chugainn i mBéal Feirste. Labhair NÓS le Naoise Ó Cairealláin le fáil amach cad a bhfuil in ann dóibh siúd a bheas i láthair…


NÓS: Cad is ‘Liúnatics’ ann?

NÓC: Is oíche úr cheoil agus dhamhsa é Liúnatics a bheas ar siúl den chéad uair Dé Sathairn 2 Nollaig sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste.

Iontach. Ach cad is brí leis an bhfocal?

Bhuel, is focal úr é a chum muid – cosúil le gach focal.

Meascán idir an Ghaeilge s’againne is an Béarla, idir an domhan thiar is an domhan thoir.

Is ó na focail ‘Liú’ agus ‘Lunatics’ a d’eascair an téarma nua seo.

Tá sé deacair é a mhíniú, ach tuigfear ar an oíche!

Cén cineáil ceoil ar féidir daoine a bheith ag súil leis?

Beidh DJ Ailbhe linn, an bealach ar fad as Ard Aidhin i mBaile Átha Cliath, le meascán mearaí tiúineachaí ar nós ‘Is Maith liom Techno’ leis an Chriú Craiceáilte.

Rachaidh Abhainn Bhearra chun ardáin fosta – banna reggae as Béal Feirste atá ar ais arís ag seinm leo.

Agus ansin, buaicphointe na hoíche, ná an DJ iomráiteach agus léirmheastóir ceoil NÓS, Ben Ó Faoláin.

Tá clú maith ar Ben i measc lucht rince oíche na tíre agus tá muid ag súil go mór len é a bheith linn ó thuaidh.

Aon rud eile?

Aidh, chomh maith leis sin beidh dhá ghrúpa rúnda againn ar an oíche (beidh sibh millte!) ach níl muid ábalta an t-eolas mór a sceitheadh go dtí 1 Nollaig.

Coinnígí súil ghéar ar leathanach Facebook Liú Lúnasa don scéal eisiach!

Chuala muid go mbeidh deochanna ar leith ar fáil leis?

Chuala sibh i gceart é!

Beidh manglaim spéisialta againn ar an oíche a oibreoidh leis an cheol chun do chosa a chur ag gluaiseacht… ‘Mojitos na bhFál’, ‘Vodca Seimtéacs’ agus ‘Máirtíní Móra Mire’.

Cad é an dochar dorais mar sin?

Níl ach £6 ar an oíche, agus osclóidh na doirse ag 8in.

Feicfidh mé ann sibh, a Liúnatics!