Snagcheol Mealltach
Ní bheidh sárú le fáil in 2016!

Tá suntas tarraingthe agam cheana san iris seo ar an mborradh bríomhar atá faoi shnagcheol na Breataine le blianta beaga anuas.

Tá albaim bhreátha bronnta orainn ag Nat Birchall (Creation) agus Shabaka & The Ancestors (Wisdom Of The Elders) i mbliana.

Tá spiorad na hathbheochana le clos go láidir ar an dá albam sin, is fíor, ach ní haon chúis náire é.

Beidh ceangal i gcónaí ag an snagcheoltóir comhaimseartha le hoidhreacht na gceoltóirí a d’iompair tóirse tine na stíle rompu.

Braitheann luach an nuacheoil ar an gcumas agus ar an samhlaíocht lena mbaintear úsáid as splanc na hoidhreachta chun tine ghlinniúil úr a lasadh.

Ar Creation thug Nat Birchall go ceanúil, ómósach faoi stíl dhomhain spiritual jazz John Coltrane, ach baineann draíocht an albaim sin leis an saoirse a thug Birchall dá dhrumadóir agus dá dhordóir saghas anord-faoi-smacht a chruthú taobh thiar dá línte sacsafóin.

Ar Wisdom Of The Elders, eisithe ag lipéad Brownswood le déanaí, d’aimsigh Shabaka Hutchings an snáithe a nascann le chéile stíleanna éagsúla mar calypso Cairibeach, ceol nguni na hAfraice Theas, Sun Ra agus snagcheol New Orleans.

Togra nua de chuid Henry Wu (méarchlár) agus Yussef Dayes (drumaí) as Londain é Yussef Kamaal.

Táim go hiomlán faoi gheasa ag an rian ‘Strings Of Light’ ó chuala mé é den chéad uair á chasadh beo ag na Worldwide Awards ag tús na bliana.

Tá an chuid eile de Black Focus ar aon chaighdeán leis.

Tá meas Wu agus Dayes ar cheol Herbie Hancock le clos go soiléir sa tslí a lúbtar func teann, séiseach ‘Strings Of Light’ i gcruthanna difriúla thar thréimhse ocht nóiméad go leith, cé nach bhfuilid ach ag jeaimeáil ar groove dhá chórda.

Samhlaigh ‘Chameleon’ le Hancock (ón albam Headhunters) léirithe ag 4Hero, agus tá tú ar an mbóthar ceart.

Is spéisiúil an tionchar ata ag rithimí casta jungle agus broken beat Londan ar dhrumadóireacht Dayes.

Snagcheoltóir é a bhí faoi thionchar mheaisín drumadóireachta, a bhí réamhshocraithe chun aithris a dhéanamh ar dhrumadóireacht snagcheoltóra. Nach ait an mac an saol?

In áiteanna eile, cloisimid jazz-funk bríomhar atá de réir thraidisiún Lonnie Liston Smith (‘Lowrider’) agus jazz-fusion eachtrúil a chuirfeadh an Mahavishnu Orchestra (‘Ayla’) agus Billy Cobham (‘Wingtai Drums’) i gcuimhne duit.

Seo ceol nádúrtha, lúcháireach ó cheoltóirí a bhfuil tuiscint agus cleachtadh na tobchumadóireachta iontu go smior. Níl nóta in easnamh ná nóta iomarcach ann. Geallaim duit go bhfuil Black Focus ar an albam snagcheoil is mealltaí a chloisfidh tú in 2016.