‘Suas Síos’ an tír
Kíla chun seinm sa 32 contae uile

Tá an deichiú albam stiúideo – Suas Síos – seolta ag na sár-scléipirí Kíla agus é anois ar fáil go forleathan ar fud na tíre ón lá inné.

Is albam spraíúil é, lán dánaíochta agus damhsa, agus tá ardmholadh faighte aige ó léirmheastóirí le cúig réalta tugtha ag cuid acu dó.

Bheadh go leor bannaí sásta leis an éacht sin ach tá muintir Kíla cheana féin ag iarraidh é a shárú – le camchuairt speisialta a ghlacfaidh chuig gach contae in Éirinn iad le linn 2015.

“Tá roinnt áiteanna nár sheinn muid riamh iontu, go háirithe contaetha na teorann agus bhí muid ag iarraidh sin a chur ina cheart,” arsa Colm Ó Snodaigh ón ghrúpa.

“Camchuairt dúinn féin atá ann, turas pearsanta in áit ráiteas polaitiúil d’aon chineál.”

Thar thréimhse na Nollag rinne Kíla sé chinn de cheolchoirmeacha i roinnt de na mórionaid cheoil san iarthar agus san oirthear; Whelan’s Live (Baile Átha Cliath), Dolan’s (Luimneach), Monroe’s (Gaillimh), John Cleere’s (Cill Chainnigh), The Spirit Store (Dún Dealgan) agus Number 1 (An Muileann gCearr).

“Is deas an sprioc é gig a dhéanamh i ngach contae,” a mhíníonn Colm.

“Eispéireas ar leith a bheas ann agus is cinnte go mbeidh an-chraic go deo ag baint leis an gceolchoirm sa chontae deireanach sin.”

Bhí an-éileamh ar na réamhorduithe idirlín do Suas Síos agus díreach ón chéad traic is soiléir cén fáth a mbeadh fonn ar dhaoine cluas a thabhairt dó.

Bailiúchán spleodrach é de 11 rian a taifeadadh ar a lipéad féin agus a léiríonn go láidir féith an cheoil atá ag baill Kíla.

Grúpa trialach a bhí ann i gcónaí agus is amhlaidh atá le brath ón albam is déanaí.

Mar a rinne Pink Floyd go héifeachtach in 1979 leis an amhrán mór ‘Another Brick in the Wall’, tá cór ó scoil áitiúil, Scoil Lorcáin, le cloisteáil ar an rian teidil:

Pósadh idir an sean agus nua atá san albam agus na ceoltóirí cumasacha seo ag díriú níos mó ná riamh ar shraitheanna fuaimeanna idir uirlisí agus ghuthanna.

Cé go bhfuil siad fréamhaithe sa cheol traidisiúnta, is banna iad a chuireann fáilte roimh an éagsúlacht.

Éiríonn le rithimí an bhodhráin, clingíní agus an Cahone fuaim úr cheoil domhanda a chothú, fuaim a shamhlaítear le Kíla agus le Kíla amháin.

Beidh muintir Ard Mhacha sásta a chloisteáil gur gearr go mbeidh na fuaimeanna sin ag cur gliondair ar a gcluasa agus iad ar an chéad chontae eile ar liosta na camchuairte.

Nach méanar dóibh!

Coinnigh súil ar kila.ie le haghaidh tuilleadh eolais.


Suas Síos anois ar fáil sna siopaí agus go digiteach sna seachtainí amach romhainn.

Tar ar ais go nos.ie le linn na seachtaine nuair a bheas 5 chóip den albam le buachan inár gcomórtas speisialta.