Súil ag KNEECAP go gcraolfaí a n-amhrán nua ar RTÉ

Tá súil ag an mbanna ceoil KNEECAP, as Béal Feirste, go gcraolfaí an t-amhrán is nua dá gcuid ar an gcraoltóir náisiúnta tráthnóna. Tuigtear do NÓS go bhfuil sé i gceist ag an gcraoltóir aitheanta Louise McSharry cuid den amhrán nua ‘Amach Anocht’, a eisíodh Lá Fhéile Pádraig, a chasadh ar a clár anocht.

Mhaígh KNEECAP ag tús na bliana gur chuir RTÉ cosc ar a gcéad amhrán ‘C.E.A.R.T.A’ mar gheall gur amhrán Gaeilge a bhí ann. Mhaígh an grúpa go gcasann RTÉ go leor amhráin i mBéarla ina bpléitear na téamaí céanna is a phléitear in ‘C.E.A.R.T.A’ agus go ndearnadh “cinsearacht” orthu.

Thug RTÉ le fios an uair sin nach gcastar amhráin a bhfuil eascainí iontu ar fhormhór na gcláracha. Casadh ‘C.E.A.R.T.A.’ ar stáisiún de chuid RTÉ tar éis meán oíche anuraidh.

Tá an chosúlacht ar an scéal anois, áfach, go bhfuil sé i gceist ag McSharry giota den amhrán a chasadh ar a clár, a chraoltar ag 8pm, agus plé á dhéanamh aici leis an gcraoltóir Eoghan Mac Diarmada faoin amhrán nua.