Súil ar Fhéilte Ceoil 2016
in Éirinn agus thar lear!

Caitheann ár gcolúnaí Ciara Ní Éanacháin súil ar na féilte ceoil atá ag titim amach ar fud na tíre agus thar lear an samhradh seo! Agus í ag súil le gach duine agaibh a fheiceáil ag Ravelóid i gceann 44 lá, seo chugaibh rogha Chiara d’fhéilte ceoil an tsamhraidh.


Tá an t-ádh orainn in Éirinn go mbíonn togha agus rogha an cheoil againn gach samhradh ar fud na tíre.

Ní gá campáil ar chor ar bith ach oiread mura dtaitníonn sé sin leat, agus ní gá fanacht in Éirinn fiú.

Ach conas féile a roghnú?

Ar ndóigh, ní mar a chéile gach féile.

Ní gá ach an rogha theoiriciúil idir Oxegen (ar dheis Dé go raibh a anam) agus Body and Soul a thabhairt do dhuine chun an méid sin a léiriú.

Bíonn blas éagsúil ar gach féile, ag brath ar go leor rudaí, idir an ceol, an áit ina bhfuil sé, an dream a mheallann sé, srl.

An bhfuil do rogha(nna) féin déanta agat go fóill? Mura bhfuil, seans gur féidir liom cabhrú leat.

Seo spléachadh ar na féilte samhraidh i mbliana!


Forbidden Fruit, 3 – 5 Meitheamh, An tOspidéal Ríoga, Cill Mhaighneann, BÁC

Forbidden

Is cuma go dtosaíonn ‘an samhradh’ i mí na Bealtaine.

Tuigimid uilig gurb é Meitheamh, Iúil agus Lúnasa an samhradh in Éirinn, agus is é Forbidden Fruit a chuireann tús oifigiúil leis an séasúr.

Cloisfear rac-cheol le leithéidí Tame Impala agus Battles, ach beidh an bhéim ag Forbidden Fruit na bliana seo ar cheol leictreonach, le Underworld, Flume, Groove Armada, Mmoths agus roinnt eile.

Níl aon champáil ag an bhféile seo, agus b’fhiú smaoineamh ar thicéad lae a cheannach mura bhfuil dóthain ann le do spéis a choimeád thar an deireadh seachtaine ar fad. (Sin uilig mura mbeidh tú ag freastal ar Chomórtas Peile na Gaeltachta i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí. Agus canathaobh ná mbeadh?)

www.forbiddenfruit.ie (€59.50 ar thicéad lae, €119 don trí lá)


Ravelóid, 10 – 11 Meitheamh, Caisleán Ard Giolláin, Baile Brigín, BÁC

rave

Luaigh mé cheana gurb é an dream a fhreastalaíonn ar an bhféile ceann de na príomhrudaí a idirdhealaíonn féilte ceoil óna chéile, agus is cinnte go mbeidh scoth na ndaoine i láthair ag Ravelóid, an chéad fhéile boutique samhraidh dírithe ar na Gaeil!

Go deimhin, is fada uainn Oireachtas na Samhna agus is í Ravelóid an sceach i mbéal bearna dúinn. Bígí ag súil le greann, damhsa, litríocht agus imeachtaí teaghlaigh thar dhá lá, chomh maith le ceol iontach.

Luaite ar an gclár go dtí seo tá: The Riptide Movement, Delerentos, Seo Linn, Kíla, Ham Sandwich agus Hothouse Flowers, agus beidh roinnt bannaí eile á bhfógairt acu go luath.

Tá a fhios againn ar fad go mbíonn an chraic is fearr ag na Gaeil mar sin níl aon amhras ach gur rogha riachtanach í Ravelóid an samhradh seo!

www.raveloid.ie (Ticéad deireadh seachtaine: €129.00)


Body and Soul, Meitheamh 17 – 19, Caisleán Bhaile an Locha, Co. na hIarmhí

Body

I dteannta The Gloaming, Mercury Rev, Santigold, Gold Panda beidh greann, gearrscannáin agus eile ann.

“Seo mar a bhíodh an Phicnic Leictreach,” a dúradh liom ag Body and Soul anuraidh, “sular ghéill an Phicnic Leictreach dos na sluaite.”

Tar éis dom a bheith i láthair ag an dá fhéile, an rud a déarfainn ná b’fhéidir go bhfuil mórfhéile na Picnice Leictrí níos uisciúla ná Body and Soul.

Tá domhan eile draíochtúil cruthaithe ar láthair Body and Soul.

Ar fud na háite tá rudaí áille iontacha ar crochadh de na crainn, tá aisteoirí ag rith timpeall i mbun spraoi, agus tá taispeántais shuimiúla ealaíne ann.

www.bodyandsoul.ie (Ticéad deireadh seachtaine: €169.50)


Live At The Marquee, Meitheamh/Iúil, Corcaigh

Live at The Marquee

Cuireadh tús le sraith cheolchoirmeacha Live at the Marquee sa bhliain 2005 agus Corcaigh mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, agus tá ag éirí go maith leis i gcónaí.

Tabharfaidh Chic ceol dioscó go cathair Chorcaí den dara bliain as a chéile (21 Meitheamh) agus i ndáiríre beidh meascán mór cineálacha ceoil ann le linn na féile: Gavin James (10 Meitheamh), The Coronas (24, 25 Meitheamh), Foals (5 Meitheamh), Tom Jones (12 Meitheamh), The Pixies (13 Meitheamh) agus roinnt eile nach iad.


Longitude, 15 – 17 Iúil, Páirc Mharlaí, Ráth Fearnáin, BÁC

long

Tá sé de bhua ag Longitude go bhfaightear eispéireas na féile ceoil, gan a bheith ag campáil.

Is suíomh mór é, bíonn meascán ceoil ag dul ar aghaidh ar na hardáin éagsúla, agus bíonn craic ag na scléipirí ag siúl ó áit go háit agus tríd na coillte.

I mbliana is é an rapaire Kendrick Lamar an príomhaoi Dé hAoine, agus is iad Major Lazer agus The National príomhaíonna Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh faoi seach.

Beidh neart eile ag seinnt thar an deireadh seachtaine, ach níor deimhníodh go fóill cé na laethanta ar a mbeidh siad.

Ag Longitude caitear amach ón bpáirc thú ag deireadh an lae, ach más spéis leat dul ar aghaidh ar an seisiún, bíonn an rogha ann triall ar an mbaile mór.

www.longitude.ie (Ticéad deireadh seachtaine: €159.50 Ticéad lae: €64.50)


Electric Picnic, 2 – 4 Meán Fómhair, An Sráidbhaile, Co. Laoise

EP

Dá fhad an samhradh, is amhlaidh a thagann deireadh leis.

Ach ar a laghad, bíonn EP san fhéilire againn, agus Liú Lúnasa an tseachtain roimhe. (Tuilleadh faoi seo go luath!)

I mbliana tá an Phicnic Leictreach díolta amach cheana féin (ach tá cúlchaint ann go bhfuil sciar ticéad fós le scaoileadh!).

Mar is iondúil, is liosta le háireamh é na bannaí a bheidh ag seinm ar na hardáin éagsúla: LCD Soundsystem, The Chemical Brothers, New Order, Haim, Wolf Alice agus neart, neart eile.

Faigh aip na féile le do lá a leagan amach, agus cuimhnigh nach iad na hardáin is mó na hardáin is fearr i gcónaí.

Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an bPuball Gaeilge a bhíonn sa Mindfield.

Ní hamháin go mbíonn gigeanna gleoite ar siúl ann (Colm Mac an Iomaire mar bhuaic anuraidh), ach is iontach áit cruinnithe a bheith ann do na Gaeil. Ní bheidh tú riamh leat féin!

www.electricpicnic.ie (Ticéad deireadh seachtaine: €154.50 Ticéad lae: €90)


Ceolchoirmeacha 

Kodaline

Idir Longitude, Forbidden Fruit agus na ceolchoirmeacha aonair, tá go leor roghanna ann don té atá ró-ardnósach le hoíche a chaitheamh sa ghort.

Samhradh maith atá romhainn ó thaobh na gceolchoirmeacha aonair.

Ar na cinn is mó san ardchathair, beidh dhá oíche le Springsteen (27, 29 Bealtaine) i bPáirc an Chrócaigh.

Níl cead ag lucht CLG ach trí cheolchoirm a bheith acu i gcaitheamh na bliana agus is í Beyoncé a líonfaidh an tríú oíche (9 Iúil).

Triailfidh na mílte duine ar Pháirc Mharlaí i mí Iúil nuair a bheidh Kodaline (7 Iúil) agus The Stone Roses (8 Iúil) ag seinnt.


Féilte thar lear

Prim

Táthar ann ar fearr leo dul thar lear i gcomhair a gcuid ceoil, ag freastal ar leithéidí Sziget, Benicassim agus Primavera.

Déarfadh duine den bhunadh sin go mbíonn an costas céanna, nach mór, ar dheireadh seachtaine ag ól cannaí patfhuara i bpuball in Éirinn agus a bhíonn ar eitiltí, ticéad agus deochanna breá saora ar an Mór-Roinn.

Bealach deas a bhíonn ann rud éigin sách éagsúil a dhéanamh, agus go deimhin bíonn seans níos fearr ann go dtiocfaidh an ghrian amach le heileo a rá.

Má tá sibh gann ar airgead, déan iarracht teacht ar lóistín ar Air BnB le spás ann do gach éinne sa chriú fanacht ann agus tugaigí libh roinnt leapacha aeir.

Agus ná déanaigí dearmad ar an uachtar gréine!