‘Tá PhD san ísle brí ag Krule’
léirmheas ar 'Man Alive!'

“I hold my head for those who ain’t been held to close in times of pain,” a deir Archy Ivan Marshall ag tús an amhráin ‘(Don’t Let The Dragon) Draag On’ ar a thríú halbam faoin ainm King Krule. Tá ceol mall iar-phonc an amhráin cosúil le Public Image Limited in aimsir Metal Box ag iarraidh teacht slán ó ghaineamh súraic. 

Ar nós mórán eile atá ar Man Alive!, tá sé go diail.

Nuair a chuala Marshall den chéad uair, siar in 2014, agus é ina dhéagóir fada caol rua ag canadh faoi bheith ag goid ceapairí as Tesco, mheasas go raibh bithiúnach óg ó aimsir Dickens tar éis taisteal chugainn i meaisín ama – agus gan ach amhráin Billy Bragg cloiste aige ar feadh na slí. 

Níor ghá éisteacht le Marshall ach ar feadh seala, áfach, le tuiscint gur rugadh leis an iliomad bua é.

Ar nós leithéidí Shane McGowan agus Morrissey roimhe, beirt eile ná raibh saol bog acu agus iad ag fás aníos, tá cumas damanta ag Marshall chun dul cruinn díreach go croí na ceiste i slí iomlán fileata. 

Rud nach raibh riamh ar a chumas ag Morrissey, ach a chuireann ceol Tricky i gcuimhne dom, ná nós Marshall brat ceoil a thógaint timpeall ar a liricí atá measartha garbhdhéanta ach fós go hiomlán in oiriúint dá véarsaíocht. Tabhair jazz-puncsurf-grunge air, níos minice ná a mhalairt aimsíonn sé an sprioc. 

I gcás Man Alive! isag caint, atá mé, faoi na nótaí faoileanda ach brónach giotáir a cloisfear sara chanann Marshall an líne “I’ve heard enough, lover, of what you think of me” ar ‘Underclass’. Nó nuair a iompaíonn scread ó scornach Marshall ina nóta maol ó shacsafón a charad Ignacio Salvadores ar ‘Comet Face’ – amhrán iontach gur pastiche anordúil é de ‘Park Life’ de chuid Blur. 

Tá sé le tuiscint ó phreasráiteas Man Alive! go bhfuil Marshall ina fhear nua ó rugadh a gcéad leanbh dó féin agus dá pháirtí, a ghrianghrafadóir Charlotte Patmore, anuraidh. Mothaíonn sé níos fearr ann féin, é tar éis gearradh siar ar an ól agus an raithneach, agus cathair London a thréigean.

Más ag súil atáir, mar sin, le saothar níos grianmhaire ó Marshall dá bharr, beidh ort fanacht tamaill  — taifeadadh formhór na n-amhrán seo sular saolaíodh a iníon. Fiú agus é ráite ag Marshall go bhfuil críoch shona le Man Alive! ní chloisimse ar amhrán deireanach an albaim (‘Please Complete Thee’) ach fear ag rá na bhfocal “Everything just seems to be constantly letting me down / This place doesn’t move me” go lagmhisniúil.

Tá tagairtí indíreacha dá iníon i liricí an ‘Airport Antenatal Airplane’ taibhsiúil, is fíor, ach tá an t-amhrán úd fáiscthe idir dhá amhrán faoi spadántacht agus an galar dubhach.

Is fearr liom féin Marshall agus é trodach ar aon nós, agus tá an ‘Stoned Again’ iontach feargach i measc na n-amhrán is fearr atá cloiste agam le tamall – Marshall ag screadaíl ar bhealach a mheabhródh duit go bhfuil Dolittle The Pixies ar cheann de na halbaim is gaire dá chroí.

Tá titim sonrach ar fhuinneamh an albaim sa tarna leath, ach is i ndoimhne seachas i laige a théann an saothar. Fan inti, is fiú é.

Beidh King Krule ag casadh beó san Olympia, Baile Átha Cliath ar 19 Márta.