Taisce i dtobar a dhúchais
Léirmheas: Albam úr Mhic Con Iomaire

Bhfuil fonn ort éisteacht le ceol éigin ach gan tuairim agat go díreach cad atá uait?

Éist le Colm Mac Con Iomaire.

Sin é mo chomhairle féin tar éis dom albam début an fhidléara, Cúinne An Ghiorria (2008), a bhaint anuas den tseilf go minic babhtaí go rabhas bréan de thréanbhuillí an techno, dord ramhar an dubcheoil, gaotaireacht an hip hop agus uilleannacha géara an phopcheoil.

Mar bhall bunaidh de Kíla agus The Frames, bhlas Mac Con Iomaire fuinneamh fiánta an ratha ar ardáin idir bheag agus mhór. Ach tá an chuma ar chúrsaí gur ina ábhar pearsanta a aimsíonn sé faoiseamh anama.

Deirim pearsanta mar nach albam aonair é Agus Anois An Aimsir.

Tuigtear go raibh mórán iltascála i gceist le taifeadadh Cúinne An Ghiorria, ach tá tionlacan ó bhreis agus scór ceoltóirí ag Mac Con Iomaire an babhta seo, ar réimse leathan gléasanna ceoil idir téaduirlisí éagsúla, an pianó, práis cnaguirlisí agus an chláirseach, chomh maith le tionlacan gutha.

Fear ag aimsiú taisce i dtobar a dhúchais atá le cloisteáil ar Agus Anois An Aimsir.

Amhránaí ar an sean-nós é athair Mhic Con Iomaire, sheinneadh a mháthair ceol clasaiceach ar an veidhlín agus ar an bpianó agus é ina gharsún.

Tá an dá thaobh d’oidhreacht Mhic Con Iomaire fite go dlúth lena chéile go deas scaoilte, nádúrtha aige ar Agus Anois An Aimsir.

Croí agus anam an tsean-nóis, fís agus saoirse an cheoil chlasaicigh.

Cloisim Eno sa tslí a dtéann nótaí ‘I mBaclainn na nAingeal’ ag faoileoireacht os mo chionn.

Cloisim Philip Glass i lúibíní guairneáineacha ‘An Bád Bán’ – Liam Ó Raghallaigh, ach cloisim lorg amhránaithe cosúil le Darach Ó Catháin agus Seán ‘ac Dhonncha i bpríomhshéis an phíosa céanna.

Cloisim ardcheol tomhaiste, mothálach, nua-aimseartha tríd is tríd.

Cloisim briathra mo shinsir ag insint dom gan m’uchtach a chailliúint, agus is ola ar mo chroí é.

Ábhar dóchais as tobar an dúchais é Agus Anois An Aimsir.