Tarchéimniú Beach House
Depression Cherry


“There’s a place I want to take you” a chanann Victoria Legrand thar uige aerga, loinnreach de ghlór a horgáin, agus sinn cúpla nóiméad isteach sa chúigiú albam le Beach House.

“Tá’s agam, a chroí,” a deirim.

Do mheall díséad dream-pop seo as Baltimore na Stát Aontaithe cheana mé, is táid á dhéanamh arís.

Baineann nótaí dearglasta giotáir Alex Scally do chosa den dtalamh ag tús amhrán uimhir a dó (‘Sparks’), agus seo linn.

A dhaoine uaisle, táimid ar snámh sa spás.

Grúpa iad Beach House a tháinig chugainn le fuaim lándéanta nuair a eisíodh a n-albam début meabhlach, Beach House, siar in 2007.

Amhráin mheabhróideacha canta go cogarnach, ceol lán de shleamhnú giotáir ochlánach agus orgán-línte faoileanda.

Fuaim idir indie-americana Mazzy Star agus shoe-gaze Slowdive.

Grúpa ceoil faoi chomaoin, leis, ag ceirníní Galaxie 500, The Velvet Underground, agus My Bloody Valentine, ach grúpa a raibh a bhfís cheoil féin riamh acu.

Conas a dhéanfar forbairt ar fhoirfeacht?

Freagra Beach House ar an gceist sin go dtí seo ab ea fuaim a d’éirigh níos torthúla agus níos snasta le gach albam.

Ach má tháinig bláth ceart ar fhuaim Beach House lena n-albam deireanach Bloom (2012), ar Depression Cherry cloisfear an taoide ag aife.

Seo Legrand agus Scally ag filleadh ar an gcur chuige simplí, íosta a bhain lena ndébut.

Fear agus bean istigh i seomra beag le cúpla giotár, orgán agus meaisín drumadóireachta ag cumadh amhrán a dhéanann iontais dár seilbh neamhbhuan ar phléisiúir an tsaoil bhig seo – ár ngreim éadaingean ar an ngrá, ar an óige, ar an sólás féin.

Ná bí ag súil le freagraí – ní raibh in amhráin Beach House riamh ach ceisteanna – ach bí ag súil le halbam iomlán suaithinseach.

Beidh ort éisteacht leis trí nó ceithre bhabhta chun ligint d’amhráin draíochtúla mar ‘Love’, ‘Wildflower’ agus ‘PPP’ sní tríd d’intinn, ach ní mór an trioblóid é.

Saothar tarchéimnitheach.