Techno taibhsiúil teann
ar albam début Kelly Lee Owens

Seans go n-aithneofá glór taibhsiúil Kelly Lee Owens ó mhór-rianta an léiritheora thiarnúil techno Daniel Avery mar ‘Drone Logic’ agus ‘Water Jump’.

Ar an albam début eapainmneach seo tá an méid a d’fhoghlaim Owens fad is a bhí sí sa stiúideo le Avery soiléir le clos.

B’fhéidir nach bhfuil amhráin mar ‘S.O.’ agus ‘Arthur’ (in ómós don gcumadóir Arthur Russell) dírithe chomh mór ar an urlár rince is atá rianta Avery, ach táid tógtha de na bun-eilimintí céanna (dord-línte dorcha dordánacha, buillí glana, simplí agus rifeanna séiseacha sintéiseora), agus léirithe ar an saghas céanna trealaimh, mheasfá.

É sin ráite, léiríonn ‘CBM’ agus ‘Evolution’ gean Owens do cheol na gclub, agus cumas na mná chun cúr allais a bhaint den lucht rince.

Is fiú ‘Bird’ a lua freisin – port deas réidh le notaí marimba a chuireann ‘edit’ máistriúil HNNY de ‘Ngoya Marimba’ le Steve Reich i gcuimhne dom.

Tá ‘Keep Walking’ ar nós ‘Teardrop’ le Massive Attack ath-shamhlaithe ag The Chemical Brothers, agus má tá cumha ort i ndiaidh an taobh sícideileach d’fhuaim big beat na 90í, ní mór duit cluas a thabhairt do ‘8’ chomh maith.

Ní haon liriceoir ró-iontach í Owens, is nuair a theipeann ar amhráin Kelly Lee Owens (‘Anxi’ i dteannta Jenny Hval, ‘Throwing Lines’) is iad na focail fé ndearadh é.

Ba cheart go dtuigfeadh amhránaí le glór chomh meallacach is atá ag Owens nach gá ró-iarracht a dhéanamh: is fearr í Owens nuair nach scaoileann sí ach le cúpla focal ar bharr an cheoil, ar nós ribín síoda ildaite ag rince ar an ngaoth.