The Burren Backroom Series (Vol 1)
Sár-albam trad ó 'Mheice' an cheoil

Ó bhí 2011 ann, i ngan fhios don chuid is mó againn ar an chósta seo, tá sraith cheolchoirmeacha traidisiúnta den scoth ar siúl i gcúlseomra ‘The Burren’, teach tábhairne mór ceoil i gceantar Bhostúin, suite i gcroílár Chearnóg Davis, in Somerville, Massachusetts.

Sa Cheoláras Náisiúnta, i mBaile Átha Cliath, an tseachtain seo, seoladh ‘The Burren Backroom Series (Vol 1)’ ar lipéad Backroom Productions, eisiúint úr ar blaiseadh é dá raibh á chasadh beo ar stáitse an tseomra chúil sa ‘Burren’ idir Deireadh Fómhair 2011 agus Lúnasa 2014.

Seoid é an teach tábhairne seo, a bhunaigh ceoltóirí Tommy McCarthy agus Louise Costello siar in 1996.

Le beagnach scór bliain, tá sé mar a bheadh ‘Meice’ an cheoil ann do cheoltóirí agus amhránaithe as Éirinn, agus níos faide i gcéin.

Is áit í ar féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh seisiúin bhreátha ann, atmaisféar den scoth agus ceol de gach saghas le cloisteáil ann, ó cheol traidisiúnta na hÉireann, snagcheol, gormacha, ceol Apailéiseach, Gailíseach agus eile.

Is ceoltóirí Éireannacha den mhór chuid atá ar an chéad bhailiúchán seo ach tá iontais bheaga ann amhail Battlefield Band as Albain agus Carlos Nuñez, píobaire agus il-uirliseoir ón Ghailís.

Rinneadh taifead ar an tsraith cheolchoirmeacha i gcomhpháirt leis an chraoltóir Brian O’Donovan a bhfuil clár raidió seachtainiúil aige ‘A Celtic Sojourn’, ar an stáisiún raidió poiblí WGBH.

Tá taifead déanta ar stór mór de cheol traidisiúnta agus ceol ceilteach agus is léir ó theideal an bhailiúcháin ‘Vol 1’, go bhfuil a thuilleadh le teacht. Cuirimid fáilte roimhe!

Ar na rudaí is deise faoi tá an éagsúlacht cheoil agus an bheocht a bhaineann le taifead beo.

Tá an lucht éisteachta mar chuid lárnach – iad spreagtha chun canadh le Robbie O’Connell ag pointe amháin!

Dún do shúile agus samhlaigh tú a bheith i láthair, tá fuinneamh le brath go láidir.

I measc na gceoltóirí atá le cloisteáil ar an albam tá Dervish, Dermot Byrne, Floriane Blancke, Bríd Harper, The Teetolarers, Liz Carroll, Sliabh Notes, Andy Irvine, Téada agus Séamas Ó Beaglaoich, Sharon Shannon, Jim Murray, Sean Keane as Conamara, Lúnasa agus Robbie O’ Connell, Sean O’Donnell, Ewen Henderson, Alasdair White, agus Mike Katz.

B’fhiú aon albam a bhfuil Bríd Harper, Martin Hayes agus Sliabh Notes i mbun ceoil.

Seo chugaibh blaisín le Sharon Shannon, Jim Murray in éineacht le Fear agus Bean a’ tí, Tommy McCarthy (fidil) agus Louise Costello (bainseó).


Tá blúire de na rianta eile le cloisteáil ar Amazon. Costas: €8.99/ £7.49