Ticéid do chamchuairt Kneecap in Éirinn ar díol inniu

Tá ticéid ar díol ó mhaidin don chamchuairt ar Éirinn a d’fhógair an banna ceoil Kneecap, as Béal Feirste, níos luaithe an tseachtain seo. 

Tá trí ghig fógartha ag na ceoltóirí Gaelacha cheana féin, ceann acu i nGaillimh, ceann acu i mBaile Átha Cliath, agus an tríú ceann ina mbaile dúchais, Béal Feirste. Tá ticéid do na gigeanna seo ar fad ar fáil ó shuíomh Ticketmaster anois. 

Tá costas €27 ar cheolchoirm na Gaillimhe, a bheidh ar siúl in ionad siamsaíochta Leisureland i mBóthar na Trá, tá idir €21 agus €25 ar na ticéid don cheolchoirm a bheidh ar siúl in amharclann an Olympia i mBaile Átha Cliath, agus tá £25 ar ghig Bhéal Feirste, a bheidh ar siúl sa Telegraph Building. 

Moltar ticéid a cheannach a luaithe agus is féidir ó bhíonn an-éileamh ar cheolchoirmeacha de chuid Kneecap. Díoladh iomlán na dticéad do roinnt gigeanna a bhí ar siúl sa Bhreatain níos luaithe i mbliana. 

Beidh Kneecap san Alexandra Palace in London anocht agus iad ag tacú le Dropkick Murphys, agus beidh gig eile acu an mhí seo chugainn in New York mar a mbeidh siad ag glacadh páirt in Craicfest 22 a bheidh ar siúl sa Mercury Lounge in Manhattan ar an 7 Márta.