Treo nua The XX
Albam pop atá san eisiúint is déanaí le banna Londan

Is iomaí grúpa ceoil a d’eisigh scoth an chéad albaim agus a thit le haill ansin agus iad ag lorg treo úr ar a ndara halbam.

Níorbh hamhlaidh i gcás The xx, as Londain.

Céim siar ón imeall ab ea darna albam an ghrúpa, Co-Exist (2012), agus iad ag díriú ar fhuaim níos loime fiú ná mar a bhí le clos ar a ndébut.

Ainmhí de shaghas eile é I See You.

Cé go bhfuil gnéithe de bhunfhuaim The xx fós le clos – dord simplí Oliver Sims, amhránaíocht mhaoineach Romy Madley Croft agus Sim faoi théamaí mar an briseadh croí agus bheith in ísle brí – tá tionchar an ama caite ag Jamie xx mar dhioscmharcach sna clubanna agus ag cumadh ceol leictreonach soiléir le clos i gcóiriú agus i bpailéad sonach an cheirnín.

Seo díreach an saghas albam lena mbeifeá ag súil leis ó The xx tar éis amhráin mar ‘Loud Places’ agus ‘Stranger In A Room’ ó albam aonar Jamie xx (In Colour, 2015) a chlos.

Tá ‘Dangerous’ tógtha ar chreatlach de bhuillí rancásacha UK garage, tugann ‘Lips’ faoi bhog-cheol na stíle tropical house, is tá an singil ‘On Hold’ bunaithe ar ghiota de ‘Say No Go’ le Hall and Oates.

Maith nó olc?

Braitheann sin ar cad atá uait ó The xx.

Seans go bhfuil Croft agus Sim ró-fhada ag lorg inspioráide i dtobar an éadóchais – tá roinnt de liricí na n-amhrán seo cuíosach lag.

Ach, ar nós gach ó lámha Jamie xx, tá léiriú is cóiriú I See You thar na bearta.

Ní gach duine d’éisteoirí The xx a bheidh meallta ag stíl I See You, ach ní dóigh liom go dtiocfaidh sin idir Jamie xx agus codladh na hoíche.

Seo pop-albam The xx.

Everything and The Girl do ghlúin EDM?

B’fhéidir é, ach muna mbíonn I See You ar an albam dá gcuid is mó a mbeidh tóir air, íosfadsa mo rostbhandaí.