Tús le Siamsaíocht@6
Seán Ó hÉanaigh, Neansaí Ní Choisdealbha, Peter Browne i mbun ceoil

Tá saol sóisialta na nGael san ardchathair ag iarraidh níos leithne i rith an ama agus imeacht eile ceoil curtha leis an liosta.

Beidh cuimhne ag léitheoirí rialta na hirise ar imeachtaí Bewleys@6 de chuid Gael Linn agus anois tá ionad nua, agus ainm nua, ar an ócáid!

Siamsaíocht@6 is teideal anois dó agus oíche amárach (Dé Máirt) beidh na craoltóirí Neansaí Ní Choisdealbha, Peter Browne agus Seán Ó hÉanaigh (thuas) ag seinnt thíos staighre san Old Storehouse, Barra an Teampaill (i dtigh tábhairne O’Flahertys).

De bharr obair athchóirithe a bheith ar bun ar fhoirgneamh Bewleys, is san ionad úr, taobh thiar de Bhanc Ceannais na hÉireann, a bheidh na gigeanna rialta seo ar siúl feasta agus tá an-oíche geallta don gcéad cheann sa tsraith.


Tá spás teoranta mar sin chun ticéad a chur in áirithe déan teagmháil le Niamh ag Gael Linn ar 087 2547574 agus niamh@gael-linn.ie

Cuirfear tús leis an spraoi ar 6in agus tá €15 ar an doras.