‘Uptown Funk’ d’aon ghlór amháin
Clúdach a capella den chnag mór

Tá Mark Ronson agus Bruno Mars ag suí go compordach ag barr na gcairteacha go fóillín i ndiaidh 7 seachtaine lena gcnag ollmhór Uptown Funk.

Ach éist anois leis an leagan a capella seo ar bhealach nár chuala tú riamh é.

Tá aithne ar an cheoltóir Meiriceánach L. Young as clúdaigh a thaifeadadh d’amhráin éagsúla ó na cairteacha ar YouTube, ach is é a fhíseán is déanaí seo atá i ndiaidh a thaisteal fud fad na cruinne taobh istigh de chúpla lá.

Déanann Young fuaim na n-uirlisí, an príomhghuth agus an fhonnadóireacht taca go hiomlán leis féin, agus cuirtear na rianta ar fad le chéile chun leagan dochreidte speisialta den amhrán mór a chruthú.

An t-aon trua ná nár taifeadadh ach an chéad bhomaite go leith den traic, tá muid ag iarraidh níos mó a chloisteáil!