Ciara Ní É san iomaíocht do ‘Réalta Óg na Bliana’

Tá scríbhneoir de chuid NÓS, Ciara Ní É, ainmnithe sa rannóg Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge. Tá vóta poiblí ar siúl faoi láthair agus Ciara s’againne san iomaíocht le ceathrar eile ‘Réaltaí Óga’. Bronnfar an gradam ar an duine a fhaigheann an méid is mó vótaí ón bpobal ag searmanas bronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i gCill Airne ag tús na Samhna.

Is scríbhneoir agus file í Ciara Ní É a bhfuil cáil uirthi go mór mór i saol na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ach a bhfuil a cáil ag leathnú anois ar fud na hÉireann agus i saol an Bhéarla mar gheall ar thograí éagsúla atá ar bun aici.

Anuas ar mhíreanna rialta a scríobh do NÓS, eagraíonn Ciara an oíche chultúir ‘Reic’ a bhíonn ar siúl i mBaile Átha Cliath. Bíonn deis ag ceoltóirí, filí, agus ealaíontóirí eile na cathrach a saothar a léiriú agus a thaispeáint ag oícheanta ‘Reic’ a bhíonn ar siúl in ionaid éagsúla ar fud na cathrach. Reáchtáladh ‘Reiceanna’ speisialta i mBéal Feirste, i nGaillimh agus i Laois freisin, mar chuid d’fhéilte éagsúla. 

Is físbhlagálaí í Ciara freisin agus tá roinnt mhaith físeán curtha ar YouTube aici faoin bhfilíocht, faoin nGaeilge agus faoin tréimhse a chaith sí mar mhúinteoir Gaeilge i Meiriceá mar chuid den chlár Fulbright. Is í an tsraith físeán WTF!? — What the Focal!? is mó a mheallann lucht féachana ar an gcainéal sin, sraith ina míníonn Ciara gnéithe den Ghaeilge do chainteoirí Béarla. 

Cuireadh filíocht Chiara os comhair an tsaoil mhóir níos túisce an mhí seo nuair a úsáideadh dán a scríobh sí ‘Phenomenal Women’ mar chuid d’fheachtas poiblíochta Chumann Peil Gael na mBan.

Dúirt Ciara go bhfuil sé “an-deas” a bheith ainmnithe i measc na ndaoine eile atá sa rannóg léi i mbliana agus go bhfuil sé “go hálainn an t-aitheantas a fháil” as na rudaí a chruthaíonn sí. 

“Tá rudaí iontacha déanta ag na daoine eile atá ar liosta na bliana seo agus tá sé an-deas a bheith luaite leo. Is cuma cad a thitfidh amach anois, tá an-mheas agam ar Oireachtas na Gaeilge le blianta fada agus ar na Gradaim Chumarsáide, agus is iontach an moladh dom go bhfuil mé ar an liosta i mbliana. 

“Is foghlaimeoir Gaeilge mé, breathnaím orm féin mar sin agus is dócha go mbreathnóidh mé orm féin mar sin go deo. D’fhoghlaim mé an teanga seo, níor tógadh léi mé, agus níor cuireadh iachall orm í a labhairt ná rudaí a chruthú i nGaeilge. Tá sé go hálainn, agus an-tábhachtach dom, an t-aitheantas seo a fháil mar dhuine a d’fhoghlaim an Ghaeilge agus atá ag cruthú rudaí i nGaeilge, go neamhspleách ó aon chomhlacht,” a dúirt sí. 

Dúirt sí nach dtuilleann sí tuarastal ó a bheith ag cruthú i nGaeilge agus nach bhfuil urraíocht ná maoiniú á fháil aici ach go gcruthaíonn sí na rudaí éagsúla “mar gheall ar an bpaisean” atá aici don Ghaeilge. 

Tá Ciara san iomaíocht freisin i rannóg eile sna Gradaim Chumarsáide — ‘Feachtas Meán Sóisialta na Bliana’. Chuir sí tús níos túisce i mbliana leis an haischlib #Nílsécgl, faoinarbh fhéidir le húsáideoirí Twitter scéalta faoin drochmheas a léiríodh ar an nGaeilge a roinnt lena chéile. Tá an feachtas #GaeilgeChliste, a bhaineann le himeartas focal Gaeilge; #anláseo, haischlib staire a úsáideann an t-ardán Molscéal; agus #MurdairMhámTrasna, feachtas bolscaireachta don scannán faisnéise Murdair Mhám Trasna, ar na feachtais eile atá luaite sa rannóg sin. 

Is féidir vóta a chaitheamh do Chiara go dtí 12.00 Dé Máirt an 30 Deireadh Fómhair ach an cód GRADAM103 a sheoladh chuig 57003 nó 60999 (ó na Sé Chontae).