COMÓRTAS: Ticéid do ‘Soma Gaeilge’
An G Spota & REIC ar siúl

Rónán Ó Snodaigh, Dysania, Emma Ní Fíoruisce, Marcus Mac Conghail, Ciara Ní É… sin díreach cuid de na hainmneacha aitheanta a bheas ar ardán ag Soma na bliana seo, a bheas ar siúl i gCaisleán Uidhilín, Contae an Dúin, ar an mhí seo chugainn.

Féile chultúir agus ealaíon é Soma a thosaigh amach go beag faoi scáth Bheanna Boirche in 2013 agus atá i ndiaidh fás go seasta ó shin, é anois i measc na bhféilte is uathúla sa tír.

12-16 Iúil dátaí an spraoi agus beidh tarraingt sa bhreis ann do Ghaeil na tíre i mbliana mar go bhfuil fo-fhéile, Soma Gaeilge, anois mar chuid den mhórchlár den chéad uair riamh.

“Tá an-suim sa teanga ag eagarthóir na féile, an ceoltóir Tíona McSherry, ar Gaeilgeoir í agus a thóg a clann le Gaeilge,” a mhínigh Ciarán Ó Meachair, cumadóir agus ceoltóir atá ag riar na n-imeachtaí Gaeilge.

“Bhí Scoil Samhraidh mar chuid den fhéile cheana, agus anuraidh tháinig Rónán Mac Aodha Bhuí lena Chabaret Craiceáilte, a bhí ar fheabhas mar is gnách.

“I mbliana bheartaíomar cur go mór lenár n-imeachtaí Gaeilge, agus, go deimhin, fo-fhéile iomlán a chruthú, mar atá Soma Gaeilge.”

Ar bhuaicphointí an chláir Ghaeilge tá an oíche filíochta REIC – a bheas ar siúl Dé hAoine 14 Iúil agus ag a mbeidh leithéidí Lauren Ní Chasaide, Marcus Mac Conghail, Ciara Ní É agus Eoin P. Ó Murchú – agus ansin, an lá dár gcionn, An G Spota a thabharfaidh Rónán Ó Snodaigh, Inni-K, Dysania, Pádraig Jack agus Emma Ní Fhíoruisce ar ardán i dTeach Tábhairne Uí Shabhaois.

£5 atá ar an doras ag REIC agus £10 ag an G Spota… margadh maith gan amhras!

Ar a bharr sin beidh sraith Pop Up Gaeltachtaí thar thrí lá, Scoil Samhraidh, siúlóid ghrianghrafadóireachta agus imeacht do leanaí.

“Agus chomh maith leis sin ar fad,” arsa Ciarán, “tiocfaidh an Dream Dearg le chéile leis an chéad chéim eile ina bhfeachtas ar son Achta Gaeilge a phlé, agus beidh fáilte roimh chách chuige sin.”

Má tá fonn ort bheith i lár an aicsin sin ar fad, agus tuilleadh, cuir isteach ar ár gcomórtas thíos.

Tá sonraí breise na féile agus clár iomlán Soma le fáil ar somafestival.com


COMÓRTAS

Chun deis bheith agat ticéad do REIC agus don G Spota a bhuachan, níl le déanamh agat ach trácht a fhágáil anseo thíos nó croí / ordóg a thabhairt don scéal ar TwitterFacebook agus a roinnt ansin roimh 2 Iúil.

Ádh mór oraibh!