‘Croithfear an domhan mór le cumhacht an Slam’
Focal ó mholtóir Slam Filíochta Liú Lúnasa

Beidh an Slam Filíochta ar siúl i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste inniu, mar chuid den fhéile chultúir Liú Lúnasa. Scríobhann duine de mholtóirí an chomórtais faoi chumhacht na ndánta a dúradh anuraidh agus a bhfuil le teacht inniu ag 2pm.

Cad is féidir a rá? Is mó rud atá tar éis titim amach ó bhí an chéad Slam ag Liú Lúnasa i mBéal Feirste anuraidh. Is fada go ndearúdfar imeachtaí na hoíche sin agus tá cuntas breá gur fiú d’éinne ná raibh i láthair súil a chaitheamh air le fáil anso ag Marcus mac Conghail.

D’fhéadfaí aiste a scríobh ar ábhar ar fhuaimint agus ar chur i láthair gach dáin a chualathas. Ach mar is ceart, is leor tagairt don bhfile a bheir léi an chraobh gurbh í ab fhearr a chuaigh go smior an scéil agus a thaispeáin don slua le mianach a cuid filíochta cad mar gheall air an ócáid féin. 

Bhí mo bhéal ar leathadh ag éisteacht le focail chróga an bhuaiteora, Milène Fegan, nuair a mhol sí freagra ionraic don gceist choitianta i dtaobh jab duine gur áitigh ná raibh ionainn go léir ach sclábhaithe agus príosúnaithe den gcóras oibre céanna, is cuma cé acu post atá agat, “eagar-whore, léiri-whore, múint-whore”, is striapacha sinn agus bíodh ciall ag an té a bhfuil lagmheas aige ar striapach seachas ar éinne eile atá ag díol a choda chun slí bheatha a dhéanamh i ndomhan dúshaothraithe seo na gairmiúlachta. 

Baineann go leor den saol atá anois ann leis an iomaíocht a chothaíonn an caipitleachas dúinn. Sinn i gcónaí ag iarraidh bheith chun tosaigh ar an duine béal dorais agus in adharca a chéile chun a bheith os cionn na coda eile. Is é X-Factor an sampla ealaíne is gránna don gcruachás leadránach so. Tugann Slam Liú Lúnasa seans don nduine fén mbráca a lochtódh an córas féin, pé acu Gael, bean nó bochtán é, na rialacha a athdhéanamh agus a ghuth féin a ligean amach i gcuideachta an phobail, agus rud éigin réabhlóideach a rá. 

Thaispeáin dán Milène gan cháim an méid seo sa chur chuige, san ábhar agus i bhfriotail a dáin. B’é an dán ba ghiorra ag an Slam é go bhfios dom. Ach féach a oiread a bhí ráite aici ann! Ba leor a bhí ráite agus bhí gach focal go nádúrtha líofa uaithi mar dhea is go raibh sí ag comhrá leat amuigh ar an tsráid. Is micreacasma den gcaipitleachas an Slam filíochta, ach iarracht leis is ea é an domhan mór groí a atógaint ó bhonn agus ár dtuiscint ar cé aige atá an chumhacht a athrú. 

Tugann an Slam filíochta cumhacht thar n-ais don bpobal.

Tá go leor des na ceisteanna móra atá tar éis teacht chun cinn le bliain seanphléite ag an Slam cheana againn. Conarthaí oibre gan dealramh, féinriar colainne, féiniúlacht, cúbláil na bpolaiteoirí, seicteachas, imirce, cúrsaí leathair, an teicneolaíocht agus an cogadh aicme atá ag creachadh na tíre.

Agus ní raibh na filí a ghlac, agus a ghlacfaidh, páirt díomhaoin idir an dá linn; 

D’fhreagair file óg Dhoire Cholmcille, Dáire Ní Chanáin, don gconspóid timpeall cás cúirte, agus na mílte cás eile nár chuaigh riamh go dtí an gcúirt, leis an ndán fíorchorraitheach “Thug Tú Cead Dó” a d’fhoilsigh NÓS. Tá power millteach sa dán so.

Dúirt an file iomráiteach Gréagach agus an sóisialaí, Yannis Ritsos, gurb é slat tomhais na filíochta, an “sensuality”, sé sin, go bhfuil dán ag brath go hiomlán ar na céadfaí agus ní ar na smaointe. Féach mar a chruthaíonn Dáire céadfaí na collaíochta, blúire ar bhlúire, sa dán so. Tugann sí sinn oiread na fríde ón tsásamh fisiciúil, ach stractar uainn é ar iompú na boise ar fheiscint cad atá ag tarlúint.  Deineann sí pian den bpléisiúir agus athshealbhú á dhéanamh ar structúr an dáin traidisiúnta seirce d’fhonn an éagóir seo a chur ar ár súilibh, agus taithí céasta an íospartaigh á ropadh isteach inár gcoinsias mar bheadh scian dubh. 

Thug duine des na moltóirí anuraidh fé ndear gurbh iad na mná ba mhó ar éirigh leo a gcuid dánta a aithris de ghlanmheabhair gan dearúd. File eile a bheidh páirteach sa Slam i mbliana is ea Ciara Ní É a thosnaigh an feachtas ar líne #nílsécgl a chuaigh go croílár cheisteanna ceartais agus féiniúlachta in Éirinn agus tá sí siúd, agus filí eile, ar nós Maoilíosa Nic Éadaoin agus Sionainn Ní Ghréacháin, ag úsáid a gcuid filíochta chun tacú le hathruithe móra ar nós na hAisghairme.

Dúirt Eoin P. Ó Murchú dán a bhaineann leis na staitisticí a cuirtear inár leith maidir le cainteoirí laethúla Gaelainne gach lá in Éirinn chun an smacht agus an dlisteanacht a thógaint uainn. Dúirt ag deireadh go raibh ar chumas gach duine aonair na staitisticí seo a athrú dá mba mhian leis é. 

Ní haon chomhtharlúint é gurb iad na mná agus na Gaeil a fuair seilbh ar an Slam anuraidh agus na hathruithe móra so ag titim amach mórthimpeall orthu. 

Creidim go diongbháilte go bhféadfadh a gcloisfimid sa Chultúrlann arís inniu an domhan mór groí a chroitheadh arís le cumhacht na filíochta.  

Ach cé agaibh a thapóidh an seans?