Dáta fógartha d’Fhéile na Gealaí 2019
Fillfidh na sluaite ar Ráth Chairn in 2019

Tá dáta Fhéile na Gealaí, an fhéile is mó fás i saol na Gaeilge faoi láthair, don bhliain seo chugainn fógartha ag lucht a heagraithe. Tá dhá mhí ann anois ó bhí Féile na Gealaí 2018 ar siúl i Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí agus tá an t-ullmhúchán ar bun cheana féin agus muintir na háite d’fhéile na bliana seo chugainn. 

Bhí na céadta i láthair ag féile na bliana seo, a reáchtáladh ar pháirc pheile Ráth Chairn i lár an Mheithimh, agus táthar ag súil go mbeidh níos mo daoine arís ann an samhradh seo chugainn. 

Beidh Féile na Gealaí 2019 ar siúl arís i Ráth Chairn idir an 14-16 Meitheamh 2019. Tá tuilleadh eolais le teacht maidir le himeachtaí na féile i mí na Samhna, nuair a bheidh féile mhór Ghaelach an gheimhridh, Oireachtas na Samhna, caite againn. Táthar ag súil le roinnt bannaí nua ceoil, nach raibh ag an bhféile cheana, a fhógairt an uair sin. 

Tá Féile na Gealaí ar an bhfód le trí bliana anuas agus í ag fás de réir a chéile bliain i ndiaidh bliana. Díoladh gach uile thicéad campála don fhéile mí sular thosaigh sí i mbliana agus bhí an-tóir go deo ar na ticéid lae freisin. 

Bíonn idir cheol beo agus imeachtaí eile, ar nós ióga agus ranganna damhsa boilg, ag Féile na Gealaí, chomh maith le himeachtaí do theaghlaigh. 

Beidh an t-eolas uilig faoi cheoltóirí agus imeachtaí Fhéile na Gealaí 2019 ar NÓS de réir mar a fhógraítear é, agus, ar ndóigh, beidh NÓS féin ag féile na bliana seo chugainn.