“Ag cniotáil ar nós do mhamó ar stéaróidigh”


An cuimhin libh an chathaoir luasctha a dhéanann hataí a fhad is atá tú ag luascadh siar agus aniar?

Bhuel, cuirigí fáilte anois roimh an inneall iontach seo a chniotálann cibé rud faoin spéir duit, ach cnaipe a bhrú.

‘Kniterate’ is ainm don ghléas nuálach seo a cruthaíodh chun dearthóirí faisin a chumasú lena gcuid éadaí féin a dhéanamh ar chostas íseal.

Samhlaigh do mhamó ar stéaróidigh agus biorán cniotála sa dá lámh aici.

Anois samhlaigh gnáthphrintéir oifige a chuireann páipéar i gcló.

Áit éigin sa lár, tá an gléas seo, a iompaíonn dearaí digiteacha ina n-éadaí ar féidir iad a chaitheamh.

Agus borradh mór faoi éadaí cniotála i measc daoine óga i láthair na huaire, creideann an mac léinn deartha, Gerard Rubio, de bhunadh na Spáinne, gur am iontach atá ann ‘Kniterate’ a fhorbairt don mhargadh.

Chuige sin bhunsaigh sé feachtas slua-mhaoinithe ar Kickstarter agus d’éirigh leis breis agus €580,000 a mhealladh ón phobal.

Anuas ar na huaireanta an chloig a shábhálfaidh sé ar dhaoine a bheith ag cniotáil de lámh, maítear ar leathanach an fheachtais go bhféadfaidh an t-inneall tionchar dearfach a imirt ar an timpeallacht.

Beidh féidearthachtaí, dar leo, nach raibh ann roimhe ag dearthóirí faisin dul i ngleic lena margadh áitiúil agus éadaí a chruthú go gasta, éadaí a thagann le riachtanais phearsanta an duine agus atá ar chaighdeán ard agus ar chostas íseal.