Ag luascadh sna géaga
Páirc uirbeach atá dírithe ar dhaoine fásta!

Samhlaigh an deis a bheith agat súgradh, mar a bheadh moncaí ionat, i measc na ngéag is airde san fhoraois.

Bhuel, tá na draoithe dearaidh ó Studio Dror tar éis páirc spraoi iomlán éagsúil a dhearadh d’Iostanbúl na Tuirce ina mbeidh tú in ann déanamh amhlaidh.

An sprioc a tugadh do na dearthóirí ná spás a dhearadh i gceantar coillteach a chothóidh ceangal idir daoine agus an nádúr.

Togra mór is ea ‘Parkorman’ a moltar go mbeidh cúig cheantar ar leith d’fhoraois fhiáin ann nuair a bheas sé críochnaithe.

Tá bealaigh siúil leagtha amach ar fud na páirce a thugann suas thú in airde sna géaga, áit a bhfuil leapacha luascáin, trampailíní agus iontais ealaíne eile.

Ar thalamh ansin, thiocfá ar thaispeántais ealaíne, ar nós deilbhe uisciúla áille agus sraith poll atá ar mhacasamhail mhargaí spíosraí na Tuirce.

Cé go bhfuil cosáin agus spásanna ar leith sa pháirc ar féidir a leanúint, tá dearthóirí na páirce ag súil go meallfar taiscéalaithe i dtreo na seod nádúrtha atá sa choill fosta.

Dearadh den scoth dar linn!