Ag tógáil na todhchaí
Dearadh nua-aimseartha Chultúrlann Uí Chanáin

An Guggenheim i mBilbo, an Louvre i bPáras, Foirgneamh Empire State i Nua-Eabhrac… is liosta le háireamh iad na cathracha ar domhan a bhfuil ailtireacht íocónach acu a aithnítear i gcéin agus i gcóngar. Cabhraíonn na foirgnimh seo le féiniúlacht a mbailte a chruthú agus is cúis bhróid iad dá lucht cónaithe.

Is féidir an rud céanna a rá faoi fhoirgneamh speisialta i gcathair Dhoire, mar atá Cultúrlann Uí Chanáin.

Tá sé de nós ag Éireannaigh breathnú thar lear – bíodh go Sasana nó, níos minice, do SAM – chun inspioráid a fháil dá gcuid tionscadal in ionad bheith ag breathnú ar ár stair nó ár n-oidhreacht féin. Is iontach an bua é mar sin a bhfuil bainte amach ag na hailtirí John Twomey agus Shiela O’Donnell leis an ionad breá nua-aoiseach seo.

Tógtha ar shean-suíomh bácúis ar imeall cheantar Seoirseach na cathrach, tá Cultúrlann Uí Chanáin ina croílár do phobal Gaeilge an iarthuaiscirt le caifé, amharclann 200 suíochán, siopa leabhar, seomraí ranga agus club óige le fáil inti.

Toisc go mbeadh an áit chomh lárnach sin do chur chun cinn na teanga i nDoire agus an ceantar mórthimpeall, d’oibrigh na hailtirí agus An Gaeláras (an grúpa bainistíochta taobh thiar de) le cinntiú go mbeadh níos mó ann sa Chultúrlann ná ceithre bhalla; go n-éireodh léi bheith ina siombal don teanga agus dá pobal sa nua-aois.

Tá an Chultúrlann i measc na saothar ardchaighdeáin eile atá déanta ag Twomey agus O’Donnell, mar atá músaem i gCúil Raithin, an Lyric Theatre i mBéal Feirste, Scoil Raghnallach i mBaile Átha Cliath agus Gailearaí Glucksman i gCorcaigh.

Culturlann-Press1

Ba pháirtnéaracht mhaith iad na hailtirí agus muintir an Ghaelárais áfach; cuireann Twomey agus O’Donnell béim áirithe ar ábhar tógála atá dúchasach d’Éirinn (ach fós le bheith nua-aimseartha) agus baineann an Gaeláras le cultúr na tíre.

Ba dheacair solas a aimsiú in áit ar nós Mhórshráid Shéamuis, dar le John, atá i lár sheancheantair chathrach atá lán le tithe agus foirgnimh arda. Sin ráite, bhí taithí ag an mbeirt ar bheith ag obair le heaspa spáis i ndiaidh dóibh bheith bainteach le hathchóiriú Bharra an Teampaill sa phríomhchathair.

“Fadhb eile,” arsa John, “ná an caifé agus agus amharclann, a thógfadh an bun-urlár uilig. Ní raibh muid ag iarraidh go gcuirfí na seomraí ranga i bhfolach, ach go mbeidís chomh gníomhach agus fuinniúil leis na háiseanna eile.”

I gcomparáid le foirgnimh eile ar ar oibrigh na hailtirí, a bhfuil oifigí i mBaile Átha Cliath agus Corcaigh acu, is ceantar é Doire a bhfuil brí pholaitiúil le dathanna. Dá mbeadh an iomarca den dath glas, dearg, gorm, bán nó oráiste le feiceáil go héasca san ionad, d’fhéadfadh léamh polaitiúil a dhéanamh air.

Mar sin tá meascán de gach sórt datha ann; balla gorm, geataí dearga, fuinneoga oráiste agus gloine ghlas, iad uilig measctha le chéile leis an gconcréid bhán. Nuair a bhaineann dathanna le taobhanna, baintear neodracht amach nuair a chlúdaítear gach rud.

Cé go bhfuil an t-ionad úrnua (i gcomparáid leis na tithe Seoirseacha eile ar an tsráid), tá atmaisféar ann ar nós go raibh an Chultúrlann i nDoire ar feadh na síoraíochta. Mothaíonn sí ársa agus úr ag an am céanna toisc úsáid na concréide agus an adhmaid istigh ann. Leis an solas a thagann isteach ón díon, cuireann sé Brú na Bóinne i gcuimhne duit, ag nascadh na staire leis an lá atá inniu ann. Seans nach raibh Brú na Bóinne ar intinn ag Twomey agus O’Donnell, ach d’admhaigh John go raibh tithe Normannacha na hÉireann ar cheann d’fhoinsí inspioráide don Chultúrlann.

“Is maith liom go bhfaigheann tú amach faoi na seanfhoirgnimh (Normannacha) beagán ar bheagán,” arsa John, “agus is maith é sin do chomhrá cultúrtha i measc an phobail. B’aidhm é sin dúinn leis an ionad seo.”

In ionad na múirphictúirí agus na mbratach atá le feiceáil ar Thaobh an Bhogaidh, tá siombail eile, siombail nua-aimseartha, ag an gcultúr Éireannach/Gaelach i nDoire le Cultúrlann Uí Chanáin. Ach ní bhaineann sé le taobh amháin den phobal ach an oiread, is soiléir go bhfuil an Chultúrlann ina hionad cultúir do gach duine san Iarthuaisceart.