An fear taobh thiar d’fhíseáin Kíla
Teigh 'suas síos' & glac 'am'...


Rithim, ceol agus próiseas cruthaitheachta ‘suas síos’ a spreagann físeáin cheoil Kíla. Labhair NÓS le fear a ndéanta, Mattias Gordon!


Sna luath-nóchaidí, thóg an Sualannach fiosrach Mattias Gordon albam de chuid Kíla ar iasacht ón leabharlann áitiúil sa bhaile beag tuaithe Älvkarlebytimpeall 150 ciliméadar ó thuaidh ó Stócólm, áit a bhfuil sé ag cur faoi go fóill.

Breis agus scór bliain ar aghaidh tá sé ina dhraoi beochana ag an ghrúpa céanna agus é taobh thiar den fhíseán ceoil ‘Am’, a eisíodh ar na mallaibh agus físeán ‘Suas Síos’, rianteideal an albaim is déanaí le Kíla a seoladh níos luaithe i mbliana.

“Tá mé ag éisteacht le Kíla le níos mó ná 20 bliain agus is breá liom a gcuid ceoil,” ar Mattias le NÓS.

“Cuireann sé fonn maith orm. Is é an trua mhór é nach bhfaca mé beo go fóill iad mar creidim gur eispéireas ar leith atá sna ceolchoirmeacha beo leo.”

Am

Tugadh ‘saoirse iomlán’ do Mattias a chuid féin a dhéanamh de na rianta ceoil, agus é tar éis físeáin cheoil a dhéanamh do ghrúpaí agus ceoltóirí amhail LAU, Kathryn Williams, Fanfare Ciocarlia agus Hazmat Modine.

Rithim, ceol agus modh cruthaitheachta ‘suas síos’ atá taobh thiar de shaothar seo Mattias.

Comhtharlú deas mar sin gurb é Suas Síos teideal an 10ú albam le Kíla agus go bhfuil rithim fhuinniúil gan sárú agus ceol fonnmhar flúirseach ag Kíla.

Mhínigh Mattias go mbaineann a chur chuige ‘suas síos’ le hinsint neamhdhíreach an scéil, seachas scéal láidir a bheith á chur i láthair ó thús deireadh.

“Caithfear tús áit a thabhairt don cheol agus don rithim agus gan a bheith ag iarraidh aon rud ar leith a chur sa mhullach ar an cheol féin,” ar seisean.

“I gcás ‘Am’ bhí mé ag díriú ar scéal na bun-íomhá a insint agus ar cheisteanna a mhúscailt.”

Ó pheann Mattias a tháinig an bhun-íomhá, timpeall 30 bliain ó shin, íomhá a dhíol sé le hiris tógálaithe agus ar chur sé ‘Här byggs ett samhället upp’ air ag an am, a chiallaíonn ‘Ón bhun aníos a thógtar sochaí’.

husbygge_2_web

“Ar chúis éigin, d’fhan an pictiúr sin liom, agus is smaoineamh é atá ag fás go fóill.”

Tá an stíl ghrafaice ag teacht le stíl an fhíseáin ‘Suas Síos’ agus ritheann scéal fríd an rian ar fad, atá breis agus cúig bhomaite ar fhad.

Is ó bhall Kíla, Colm Ó Snodaigh, a tháinig an bunsmaoineamh nuair a luaigh sé le Mattias gur bhain an t-amhrán le duine a bheith sásta leis an am agus an áit ina bhfuil sé.

“Thosaigh mé ag machnamh air sin agus ar an tslí, b’fhéidir, nár cheart dúinn a bheith ag brú rudaí inár saol ná ar an domhan, gur fearr i bhfad a bheith tuisceanach ar an áit a bhfuil muid agus ar an domhan ina mairimid,” arsa Mattias.

“Is maith smaoineamh ar an chineál domhain atá ann agus a bheidh ann.”

Comhairle chríonna lena dtagann muid go hiomlán!