Arm gleoite Mhíchíl D. Uí Uiginn
ag cinntiú go bhfuil an tae fós te!

Tá deisceabail dhílse Mhíchíl D. Uí Uiginn ag dul craiceáilte faoi na púiceanna tae áille seo atá deartha ar mhacasamhail an Uachtaráin.

“Micheal T” a thugtar ar an phúic tae chniotáilte.

Is imeartas focal deas é i mBéarla a thugann leis ainm an Uachtaráin agus tae, ar a bhfuil an táirge dírithe.

Seoid is ea é de chuid ‘Not Only Hats’, comhlacht éadaí atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, agus é i measc na ndearaí is mó tóir acu riamh.

Cé go bhfuil an phúic tae áirithe ar an mhagadh le fada ardaíodh spéis ann in athuair tar éis é a bheith le feiceáil i seomraí suite mhná Chaisleán Cnucha, Angela agus Aileen, le linn cláir de chuid GoogleBox.

Tá ráite ar leathanach Facebook ‘Not Only Hats’ go bhfuil ‘arm’ de phúiceanna tae an Uachtaráin déanta acu le dul i ngleic leis an éileamh.

Ólaimis braon tae i dteannta an Uachtaráin!