Baile na mBláthanna
Traidisiún dathú tí

Tá an scéal á scaipeadh i measc turasóirí faoi Zalipie, ‘Baile na mBláthanna’, in oirdheisceart na Polainne agus é aitheanta anois i measc na dtarraingtí móra sa tír.

Baile beag é Zalipie, lán teachíní adhmaid a bhfuil móitífeanna bláthanna den uile shórt agus dath le feiceáil orthu.

Mná an bhaile a chuir tús leis an traidisiún breis agus míle bliain ó shin.

Seift a bhí san ealaín sna laethanta tosaigh sin chun fabhtanna an tí, a tháinig chun cinn leis an aimsir fhuar, a chur as radharc.

Ó tharla nach raibh trealamh ar fáil go héasca, dhéantaí na scuaba ealaíne as fionnadh ruball na n-ealaí agus d’úsáidtí sail ó na hainmhithe don phéint.

I mí an Mheithimh a dhírídís ar an phéintéireacht tar éis cuid mhaith d’obair feirmeoireachta na bliana a bheith bainte amach.

B’fhoinse mhór inspioráide iad na scéalta béaloidis, an nádúr agus na traidisiúin do mhná na péintéireachta agus ba bhealach iontach é chun na scéalta úd a choinneáil beo ó ghlúin go glúin.

Tugaimis cuairt ar Zalipie agus ceiliúraimis mná na Polainne!