Beár Bruscair
Tógtha i mbaile atá ag fágáil slán le truflais!

Is iomaí taisce atá i bhfolach sa dramhaíl don taiscéalaí cróga cúramach.

Má tá tuilleadh fianaise uait, caith súil ar an teach tábhairne seo atá déanta as ábhar seanchaite agus bruscar amháin.

Tá an beár bruscair, a dtugtar ‘Tigh Kamikatz’ air, suite in Kamiskatsu na Seapáine, baile a dhéanann athchúrsáil ar 80% dá bhruscar.

kam

Leis an chuid is fearr a dhéanamh dá ndramhaíl, scagann muintir an bhaile a n-ábhar in-athchúrsáilte in 34 catagóir éagsúil.

Is é an sprioc atá roimh an phobal anois a bheith iomlán saor ó bhruscar go luath.

Tá siad ag súil go dtarraingeoidh teach tábhairne na truflaise aird ar cheist thábhachtach na timpeallachta.

mor

Mar aon le beár, tá a ghrúdlann féin ag an tábhairne seo agus spás ann le do scíth a ligean.

I measc an ábhair lenar tógadh an foirgneamh tá buidéil ghloine, atá mar mhaisiúcháin soilse, seanpháipéir nuachtáin, atá ar na ballaí, agus fuinneoga a baineadh as seanfhoirgnimh thréigthe.

Bronnadh mórdhuais ailtireachta WAN (World Architecture News) ar dhearthóirí an tí, Hiroshi Nakamura agus NAP, i gcatagóir ‘Foirgneamh Inmharthana na Bliana’.

Dúirt Chris Castle, a bhí ar an phainéal moltóirí gur smaoineamh den scoth a bhí ann a raibh teachtaireacht láidir leis a bheith saor ó bhruscar.