Bronntanais áille lámhdhéanta
Ar an bheagán!

Ní i gcónaí a bhíonn airgead sa phóca le caitheamh ar bhronntanais um Nollaig.

Blianta áirithe bhí mé in ann rudaí a cheannach agus blianta eile ní raibh.

Chuirfeadh na blianta ar an ghannchuid iachall orm teacht ar bhealaí cruthaitheacha le bronntanais lámhdhéanta a dhéanamh saor in aisce nó ar an bheagán.

Déarfainn gurbh iad na bronntanais ba mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine ná na cinn a rinne mé féin gan mórán airgid a chaitheamh ar chor ar bith.

Níl amhras ar bith ann ach go dtaitníonn rudaí lámhdhéanta le daoine agus go mbíonn siad buíoch as an iarracht agus an oiread ama a chaith tú leo.

Seo chugaibh trí bhronntanas áille déanta de pháipéar a d’fhéadfá a bheith ag ullmhú as seo go dtí an lá mór.


1) Próca lán réaltaí ádhúla

Lucky Stars

Ábhar: Próca gloine, péire siosúir agus páipéar bán/daite/maisithe gearrtha ina stiallacha (strips)
Leibhéal: Simplí

I dtraidisiún na Seapáine, deirtear go bhfuil ádh síoraí i ndán don té a fhaigheann próca lán réaltaí ádhúla.

Ádh agus bronntanas gleoite má thugann tú faoi.

D’fhéadfá páipéar ar bith a úsáid i bhfírinne, seachas páipéar nuachta nó irise de thairbhe é a bheith rothánaí.

Más gnáthpháipéar oifige an t-aon rogha atá agat, lig ort gur naíonán beag thú agus tarraing línte fánacha ar an leathanach go saor agus go tapaí le peann deas dubh nó órga.

Beidh cuma iontach ealaíonta ar na réalta nuair atá siad fillte.

Mholfainn píosa páipéir 30cm ar fhad agus 1cm ar leithead a úsáid ar dtús go dtí go mbeidh tú cleachta leo.

Lean na céimeanna san fhíseán seo agus tú ag gabháil don réalta don chéad cúpla uair ach beidh tú in ann iad a dhéanamh gan stró ar bith i d’aonair ina dhiaidh sin.

Anois, glan amach próca (jar) folamh a raibh sú nó a leithéid ann agus bí cinnte nach bhfuil lorg ar bith den lipéad fágtha air.

Ba cheart go ndéanfadh seal i mbáisín le huisce fuar an jab.

Tá sé iontach furasta próca a mhaisiú le ribín nó téip dhaite chun cuma an tséasúir a chur air.

Más do ghrá geal atá ar intinn agat don bhronntanas álainn seo, thiocfadh leat teachtaireacht bheag dheas – moladh beag nó ionracas (compliment) – a shleamhnú isteach i ngach aon réalta nuair atá cúpla filleadh déanta agat!

D’oibreoidh fíricí aisteacha an domhain in áit ionracas go maith fosta agus bheadh craic ag baint le réaltaí feasa (fortune).

Bronntanas a mhairfidh ar feadh tamaill agus réalta bheag á hoscailt gach lá!


2) Móibíl Corr (Crane) Origami

Origami Crane mobile

Ábhar: Cearnóga páipéir, snáthaid, snáth níolóin trédhearcach – ó shiopa fabraice nó iascach ar chúpla euro – 12 coirnín (bead) ar a laghad, géagán beag adhmaid a thit anuas ó chrann agus cúpla oíche os comhair na tine. 
Leibhéal: measartha simplí

Seo bronntanas galánta a dhéanfadh aon teach nó spás oifige a mhaisiú go hálainn.

Baintear úsáid as páipéar ‘fíor-chearnógach’ in Origami de ghnáth agus tá sé níos tábhachtaí arís a bheith ag obair le cearnóg chruinn agus tú ag plé leis an chorr (crane), atá ciotach go leor don nóibhíseach.

D’fhéadfá gnáth A4 a úsáid agus é a ghearradh nó, ar tuairim is €10, thiocfadh leat paicéad páipéir cearnóige a fháil sa phost ón ‘Folded Square’, suíomh iontach a chuireann réimse leathan páipéir ar dhathanna agus ar phatrúin éagsúla ar fáil.

Ach ní gá duit airgead ar bith a chaitheamh.

Rinne mé móibíl iomlán le páipéar nuachtáin cheana agus bhí sé an-éifeachtach agus stílmhar leis.

Lean na lámha deasa san fhíseán seo chun an chorr a dhéanamh agus tar éis an chéad chúpla iarracht beidh tú in ann iad a dhéanamh as do stuaim féin.

Is mó is fearr ar bhealach ach b’fhiú 12 corr ar a laghad a bheith déanta agat don mhóibíl.

Gearr an oiread céanna píosaí snáithe níolóin ar fhaid éagsúla mar ba mhaith leat go mbeadh na corra ag eitilt ar leibhéil éagsúla, díreach mar a fheiceann tú thuas.

Cuir an píosa níolóin ar shnáithe agus brú an tsnáthaid (needle) isteach trí choirnín amháin, arís agus arís eile, go mbeidh sé ceangailte mar ancaire beag ag an bhun.

Cé nach mbeidh tú in ann an coirnín a fheiceáil cinnteoidh sé nach dtitfidh an t-éinín anuas go talamh.

Anois, cuir an taobh eile den phíosa níolóin ar shnáithe agus brú an tsnáthaid anuas trí bholg na coirre, ionas go mbeidh an coirnín clúdaithe ag tóin na coirre.

Níl le déanamh agat anois ach an próiseas seo a dhéanamh arís agus arís eile agus na píosaí snáithe ar fad a cheangal leis an ghéagán.

Seo bronntanas ar fiú go mór an iarracht!


3) Bocsa Origami le seacláid 

Balls

Ábhar: páipéar agus seacláidí
Leibhéal: simplí

Oibríonn liathróidí seacláide go maith a thagann i gclúdaigh scragaill daite agus a bhíonn ar díol i bpaicéid ar chúpla euro in ollmhargaí an t-am seo den bhliain.

Arís tá fíor-chearnóg páipéir a dhíth ort agus roghnóinn dath breá Nollaigiúil don bhocsa; dearg nó glas mar atá san fhíseán.

Lean na treoracha seo agus tú ag gabháil don bhocsa agus bain sult as an fhuaimrian!

Anois, níl le déanamh agat ach an bocsa a líonadh le seacláid.

Ceann simplí ach éifeachtach ar féidir a scaipeadh thart an seomra suí ar lá Nollag.

Sin mo rogha-sa de bhronntanais áille ar an bheagán… anois, bímis ag filleadh!