Caith siar do chupán!
Cupáin inite nach gá iad a chaitheamh amach

Tá na chéad chéimeanna i dtreo domhan saor ó phlaisteach tógtha ag beirt dearthóirí óga as SAM.

Bhuel, saor ó chupáin phlaisteacha ar aon nós!

Agus do sháith ólta agat cén fáth nach n-íosfá an cupán, ionas nach mbeidh a dhath ar bith fágtha taobh thiar díot?

Chelsea Briganti (ar chlé) agus Leigh Ann Tucker a tháinig aníos leis na cupáin inite seo agus iad i mbun céime sa Dearthóireacht in Ollscoil Parsons i Nua-Eabhrac.

Tar éis feachtas rathúil ar Kickstarter, bunaíodh Loliware, an t-aon chomhlacht ar domhan a chruthaíonn agus a dhíolann cupáin inite, in-bhithmhillte.

Cuireann Loliware eispéireas nua óil ar fáil do chustaiméirí, dar leo, atá 100% saor ó phlaisteach agus déanta de tháirgí nádúrtha amháin.

Feamainn an príomhábhar sna cupáin, cé nach bhfuil blas na feamainne orthu.

Úsáidtear milseoirí nádúrtha le réimse cupán atá ar fáil i mblasanna citris, tae glas, silíní agus fanaile a chruthú, mar aon le cinn nádúrtha gan aon bhlas.

Má tá teacht le chéile beartaithe agat, agus tú meallta ar fad ag na cupáin seo, gheofá ceithre cinn de chupán ar $15.99!

Tuilleadh eolais ar shuíomh Loliware.

  • PólÓ

    Agus tar éis ithe do chupán, chaitheann tú dornán de uisce siar.