Dall ar an Dathú
lámha ar fud an domhain a thrustáil le tatúalaí!

An ndéanfá ball éigin de do chorp a chur i muinín tatúalaí?

Samhlaigh a bheith i do shuí, dall ar a bhfuil ar siúl taobh thiar den bhalla ‘fhad is bhfuil tatúalaí ag gabháil i mbun oibre ar do lámh?

Craiceáilte, b’fhéidir, ach sin díreach atá ar bun i stiúideo i mBrooklyn, Nua-Eabhrac, faoi láthair.

tatueile

Tá an tatúalaí aitheanta Scott Campbell ag cuardach daoine a bheadh sásta a lámh a chur isteach i bpoll i mballa agus ligean dó dul i mbun oibre.

Spreagadh mór do rannpháirtithe ná go bhfuil na tatúanna a dhéanamh aige saor in aisce ar an bhunús nach mbíonn aon ionchur ar chor ar bith ag an té atá páirteach ann.

‘Whole glory’ is teideal don togra agus tá sé bunaithe go huile is go hiomlán ar thrust, dar le Scott.

tatu

Cuidíonn sé ar ndóigh go bhfuil cáil ar obair an tatúalaí thrialaigh seo, agus é tar éis Penelope Cruz, Orlando Bloom, Marc Jacobs agus réalta eile a dathú le dúch.

Bhí Scott i Moscó níos luaithe an mhí leis an togra seo agus tá sé beartaithe aige aghaidh a thabhairt ar chathracha eile amach anseo.

Beidh na lámha uile páirteach sa togra le feiceáil i dtaispeántas ealaíne leis.

Má thagann sé go Baile Átha Cliath, cuirfidh muid sibh ar an eolas faoi go cinnte!