De dhíth: Ealaín Ghaeilge
Ar shráideanna na príomhchathrach!

Gach seans go bhfuil siad feicthe agat má bhí tú i lár Bhaile Átha Cliath le déanaí: na saothair ealaíne ildaite sin atá péinteáilte ar bhoscaí rialúcháin leictreachais agus ar bhoscaí soilse tráchta, iad samhlaíoch, aoibhinn, comhaimseartha, ag gealadh liath na cathrach.

Is obair í seo de chuid an ghrúpa Dublin Canvas a bhfuil sé de sprioc acu Baile Átha Cliath a dhéanamh níos áille do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon.

Tá cuid mhaith de lár na cathrach clúdaithe cheana féin ag an togra ach tá Dublin Canvas anois ag iarraidh an ealaín sráide a leathnú amach go Baile Átha Cliath Theas-Lár, agus tá siad ag lorg aighneachtaí ón phobal i láthair na huaire.

22 bosca atá le péinteáil agus síleann muidne anseo in oifigí NÓS go mbeadh sé ar fheabhas ar fad dá mbeadh cúpla ealaíontóir le Gaeilge ina measc siúd a roghnófaí.

Tá roinnt de na boscaí a rinneadh go dtí seo maisithe le focail Ghaeilge ach nár dheas a thuilleadh a fheiceáil fud fad na hardchathrach?

Más ealaíontóir Gaeilge thú, nó má tá aithne agat ar aon duine a mbeadh suim acu ina leithéid de thogra, ní mór aighneachtaí a chur isteach chuig Dublin Canvas roimh Dé Luain 24 Iúil.

Tá breis eolais faoin tionscadal le fáil ar dublincanvas.com