Dearadh Dúchasach…
a shásóidh uile mhian an teaghlaigh

Ní haon rún é go bhfuil spéis ag foireann NÓS i ndearadh agus i gceardaíocht shnasta álainn agus Éireannach.

Tá déantóirí dúchasacha faoi bhláth i ngach aon chearn den tír agus iad i mbun saothar atá ar ardchaighdeán i gcúrsaí aeistéitice agus táirgthe araon.

Dár ndóigh, ní gá go mbeadh ócáid speisialta ann le tacú le fiontair Éireannacha ach leis an Nollaig ag teannadh linn, agus muid ag streachailt le bronntanais a aimsiú dár gcairde agus dár dteaghlaigh seachas stocaí, bosca Roses nó gallúnach fiú, tá cúis sa bhreis ann.

Seo chugaibh blaiseadh dá bhfuil ar fáil laistigh den tír bheag ealaíonta seo.


Don té a bhfuil spéis aige/aici sa chócaireacht

Get Drop

Drop

Is táirge é Drop a d’eascair as an spéis a bhí ag scata daoine i mbia, teicneolaíocht agus i ndearadh snasta.

Tháinig lucht Drop aníos le scálaí nuálacha a fheidhmíonn i gcomhar leis an iPad nó iPhone chun tú a threorú céim ar chéim trí oidis.

Ní bheidh leithscéal ar bith agaibh anois éalú ón gcistin!


Ardbia the book

Leabhar Ard Bia

Murar thug tú cuairt ar Ard Bia i gcathair na dTreabh go fóill, bíodh sé mar rún na hAthbhliana agat é sin a chur ina cheart.

Bia blasta a dhéanann tosaíocht den earnáil bhia Éireannach a chuirtear os ár gcomhair sa leabhar seo.


Don té a bhfuil súil aige/aici ar sheodra…

D’fhéadfainn alt iomlán a scríobh ar an seodra álainn atá á chruthú in Éirinn i láthair na huaire ach seo díreach trí rogha den saibhreas atá le fáil.

Earings chupi

Chupi

Cruthaíonn Chupi Sweetman, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, rogha leathan bunaithe go príomha ar an dúlra agus timpeallacht nádúrtha; idir éin, bhláthanna agus dhuilleoga.

Tá rian éadrom draíochtúil ar gach píosa a dhéanann sí.

Insíonn gach aon phíosa a scéal féin ach samhlaím síscéalta lán síoga leis an mbailiúchán uile.

Féach na fáinní cluasa a múnlaíodh as cleití ealaí nó na slabhraí a thagraíonn don réaltchomhartha.


Necklace Kayleigh

Kayleigh Forsythe

Bailiúchán comhaimseartha lán clocha spéisiúla, a bhfuil rian an haute couture orthu, gan na praghsanna a shamhlaítear lena leithéid.

D’oirfeadh píosaí le Kayleigh Forsythe do dhuine a bhfuil spéis acu san ealaíon nó i gcúrsaí faisin, agus nach mbíonn cúthaileach lena rogha éadaí.


Macdara new

Seodra Macdara

Is seodóir é Macdara Ó hUallacháin Graham atá lonnaithe i gcontae Ard Mhacha, agus a dhíríonn ar phíosaí aonuaire dá chustaiméirí.

Tá stíl chomhaimseartha sna geamchlocha a mhúnlaíonn Macdara a nascann an dúchas leis an saol comhaimseartha ina mairimid.


Don té atá gafa ag a rothar..

seesense-render-on

See.Sense

Lonnaithe i mBaile Nua na hArda, contae an Dúin, tá soilse rothar atá iltoiseach agus cliste a thuigeann riachtanais an rothaí uirbigh cruthaithe ag See.Sense.

Ceanglaítear na soilse seo le fón cliste chun rabhadh a thabhairt duit má dhéantar iarracht an rothar a ghoideadh, aithníonn siad baol don rothaí, ag leasú go huathoibríoch ag timpealláin agus ag acomhal bóithre, mar shampla.


Don té a bhfuil féith na healaíne ann/inti…

Half Moon

Damn Fine Prints & Jam Art Prints 

Teach nua, leanbh nua, colscaradh… pé rud é, níl rud ar bith nach féidir a cheiliúradh agus a mharcáil le healaíon.

Féach Damn Fine PrintJam Art Prints, áiteanna iad siúd a mbailítear saothair chlóite ar ardchaighdeán ó ealaíontóirí éagsúla.


Espreso cup

Makers and Brothers

Is bronntanas ann féin é Marks and Brothers a thugann ardán do dhéantóirí ceardaíochta d’uile chineál ach seo cúpla rud a líonfadh teach nua le hanam.

Is iad ‘Déanta Design‘ a rinne an cupán beag espresso seo, ar €12. Gleoite!

Bainigí sult as dearaí áille Gaelacha an Nollaig seo!