FÉACH: An droichead coisithe is faide ar domhan


Tá clú agus cáil ar an Eilvéis mar gheall ar a seacláid, a cloig chuaiche agus a sléibhte maorga arda.

Anois is féidir rud eile a chur leis an liosta sin: an droichead crochta coisithe is faide ar domhan.

Osclaíodh Droichead Charles Kuonen i ndeisceart na tíre, gar don Matterhorn, i mí Iúil agus, i bhfianaise an fhíseáin thuas, níl aon amhras ach go mbeadh do chroí i do bhéal á thrasnú.

Síneann sé 1,621 troigh ar fad thar ghleann agus tá sé 279 troigh ón talamh ag an phointe is airde.

In ionad siúl ceithre huaire an chloig ó thaobh amháin an ghleanna go dtí an taobh eile, tógann an turas anois 10 nóiméad thar an droichead, má tá tú in ann cur suas leis urlár grátáilte a ligeann duit an talamh thíos fút a fheiceáil faoi do chosa.

Tá an struchtúr ainmnithe i ndiaidh an tsíceolaí Charles Kuonen, ar leis fíonlann sa Eilvéis agus a thug go leor airgid don togra.

Is cuid súl é gan aon agó.

  • PólÓ

    @Tá clú agus cáil ar an Eilvéis mar gheall ar a seacláid, a cloig chuaiche agus a sléibhte maorga arda.

    Agus ná déan dearmad faoi na óir Naitsithe.