Geansaithe Gaeilge nua Uí Néill
A dhéanann comóradh ar 1916!

Tá sraith gheansaithe i nGaeilge ar a bhfuil Forógra stairiúil na Cásca le feiceáil orthu eisithe ag an bhranda spóirt Éireannach O’Neills.

“Sárbhronntanas Éireannach,” a deir déantóirí Uí Néill, a dhéanann ceiliúradh ar oidhreacht na tíre an Nollaig seo agus ar bhliain mhór an chomórtha atá ag druidim chun deiridh.

Tá meascán dearaí mar chuid de bhailiúchán na réabhlóide agus iad ar fáil i ndathanna bándearg agus dubhghorm, gealghorm agus gorm Bhaile Átha Cliath, glas agus uachtar nó glas amháin.

lardroim

Ar dhroim Gheansaí Ard-Oifig an Phoist agus Gheansaí na Cláirsí (glas amháin), tá macasamhail d’Fhorógra na Cásca 1916 i nGaeilge, a chuir Conradh na Gaeilge ar fáil.

morlar

Ar an tosach tá íomhánna d’Ard-Oifig an Phoist tar éis an Éirí Amach, nó de chláirseach, a fuarthas le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Tá geansaí ‘leath agus leath’ ann chomh maith a dhéanann ceiliúradh ar Bhaile Átha Cliath, a bhuaigh Craobh na hÉireann sa pheil i mbliana.

leath

Is i gcomhar le Conradh na Gaeilge atá an bailiúchán úr seo á chur ar an mhargadh.

“Bhí an Ghaeilge ar cheann de na mór-idéil a spreag Éirí Amach na Cásca,” a deirtear ar an suíomh.

“Bhí seisear de sheachtar comhshínitheoirí an Fhorógra ina mbaill de Chonradh na Gaeilge, atá ag obair i dtreo athbheochan na Gaeilge in Éirinn agus thar lear.”

Tagann gach geansaí le brandáil oifigiúil Uí Néill agus iad ar fáil go heisiach ar líne amháin le seachadadh ar fud an domhain.


Tá costas €43.00 do pháistí / €55 do dhaoine fásta orthu agus tá an bailiúchán iomlán le fáil anseo.