Greenery: Dath Pantone 2017
Fáth eile chun glas a chaitheamh Dé hAoine!

Beidh an dath glas le feiceáil fud fad na tíre, agus go deimhin níos faide i gcéin, i gceann cúpla lá agus daoine réidh chun éarlamh na hÉireann a chomóradh ar an iliomad bealaí.

Ach ní mar gheall ar Naomh Pádraig amháin atá béim ar an dath glas faoi láthair, mar is í an lí chéanna atá roghnaithe mar ‘Dath na Bliana’ ag an eagras dathanna Pantone.

Ó bhí 2000 ann tá Pantone ag déanamh ceiliúrtha ar dhath amháin gach bliain agus i mbliana is é dath darb ainm ‘Greenery’ a bhfuil an onóir mhór aige.

Dar le Pantone gur léiriú é an dath ar mhianta reatha na cruinne agus iad ag iarraidh béim a chur ar an dóchas, ar thábhacht na timpeallachta agus ar bhia nádúrtha sláintiúil.

Tá dearthóirí á spreagadh chun an dath a úsáid ina gcuid oibre le linn na bliana agus an teachtaireacht taobh thiar de a chur chun cinn.

Anois, tá fáth eile agat an tseamróg a chaitheamh Lá Fhéile Pádraig!


Dathanna Pantone na Bliana go dtí seo:

PANTONE 15-3919 Serenity & PANTONE 13-1520 Rose Quartz (2016)
PANTONE 18-1438 Marsala (2015)
PANTONE 18-3224 Radiant Orchid (2014)
PANTONE 17-5641 Emerald (2013)
PANTONE 17-1463 Tangerine Tango (2012)
PANTONE 18-2120 Honeysuckle (2011)
PANTONE 15-5519 Turquoise (2010)
PANTONE 14-0848 Mimosa (2009)
PANTONE 18-3943 Blue Iris (2008)
PANTONE 19-1557 Chili Pepper (2007)
PANTONE 13-1106 Sand Dollar (2006)
PANTONE 15-5217 Blue Turquoise (2005)
PANTONE 17-1456 Tigerlily (2004)
PANTONE 14-4811 Aqua Sky (2003)
PANTONE 19-1664 True Red (2002)
PANTONE 17-2031 Fuchsia Rose (2001)
PANTONE 15-4020 Cerulean (2000)