I bhfolach sna cnoic…
Óstán ar imeall aille

Ba chóir go mbeadh sé sa nádúr againn ar fad na háiteanna iargúlta ar domhan, amhail na hAlpa, a fhágáil mar atá siad, gan lorg an duine a bheith le brath orthu.

Is í seo an aidhm  – gan cur isteach ar an tírdhreach – atá ag tá an dearthóir as an Úcráin Andrii Rozhko agus é ag obair ar choincheap óstáin atá faoi cheilt i measc mhórshléibhte aitheanta na hEorpa.

Mar a bheadh cuid d’oighearshruth ann, tá an chuma ar an fhoirgneamh go bhfuil sé ag sleamhnú anuas ar imeall na haille, agus é ag teacht go foirfe leis an timpeallacht mórthimpeall air.

Buntáiste an deartha seo, dar le Rozhko féin, nach bhfuil sé dírithe ar áit ar leith amháin ach go bhfuil féidearthachtaí ann é a thógáil i go leor suíomhanna ar fud na cruinne.

Ní bheadh teacht ar an óstán ach amháin ón aer agus bheadh lóistéirí ag brath ar héileacaptair le fáil a fhad leis.

Dúirt an dearthóir go raibh sé ag iarraidh go mbeadh an foirgneamh ag tarraingt ar na scáthanna agus ar an solas a bhíonn de shíor ag athrú sna hAlpa.

Cé nach fios fós an dtiocfaidh bláth ar an togra seo, tá rud amháin cinnte: ní óstán é seo don té a dtagann meadhrán ina cheann agus é ar bharr cnoic!