‘Níor labhraíodh riamh anseo í’
Logainmneacha gan Ghaeilge

Cé go bhfuil go leor cosúlachtaí idir cás na Gaeilge in Éirinn agus in Albain, agus go gcloistear cuid mhaith de na ráitis fhrithGhaeilge chéanna sa dá thír, bíonn gearán amháin ag na hAlbanaigh arbh fhearr leo go bhfaigheadh an Ghàidhlig bás nach mbíonn ag a macasamhail in Éirinn — ‘níor labhraíodh riamh anseo í’. 

Is minic a mhaítear nár labhraíodh an Ghàidhlig mar theanga phobail in áiteacha éagsúla ar fud na hAlban riamh agus nár cheart, mar sin, an teanga a “bhrú” ar an bpobal atá ina gcónaí sna ceantracha sin sa lá atá inniu ann.

Is minice fós, áfach, a bhíonn dul amú ar an dream a mhaíonn a leithéid, agus fianaise ar fáil go coitianta i logainmneacha na n-áiteacha go mbíodh an Ghàidhlig á labhairt iontu nuair a bhíothas ag ainmniú na mbailte.

Dhear ‘Andy A’, ball den suíomh roinnte pictiúr Flickr, an léarscáil thíos ina thugtar logainmneacha na stáisiún traenach i lár agus in oirthear na hAlban — áiteacha a bhíonn á lua go minic ag lucht séanta na Gàidhlig— agus na logainmneacha Gàidhlig curtha i mBéarla aige. 

“A monoglot’s railway map of central and east Scotland with no Gaelic, Celtic or other foreign mumbo-jumbo to offend or confuse the traveller” an cur síos a rinne Andy A ar a shaothar, agus é ag tagairt do na hargóintí is coitianta a chloistear in aghaidh na comharthaíochta dátheangaí ar bhóithre na hAlban. Maítear go rialta go gcuirfeadh comharthaíocht dhátheangach bac ar thurasóirí ceann scríbe a bhaint amach agus go mbeadh contúirt ag baint leo do gach tiománaí in Albain. 

Cé nach gcuirfeadh cuid de na logainmneacha Béarlaithe iontas ar chainteoir dúchais Béarla, leithéidí ‘Black Ridge’ agus ‘Bare Rock’ — logainmneacha a d’aimseofaí i Sasana nó i Meiriceá go héasca, tá cuid de na haistriúcháin loma thar a bheith áiféiseacha, leithéidí ‘Flat Place With Wheat Fields’, ‘Meadow of Quivering Aspens’ agus ‘Bridge Over The River of the Green Fields’. 

"NOT SPOKEN HERE"