Séipéal Scátála
ina theampall don ealaín uirbeach!

Is geall le reiligiún é an chlárscátáil i gcathair Llanera, in iarthuaisceart Asturias ar chósta thuaidh na Spáinne.

Tá sé oiriúnach mar sin gur sa chathair chéanna a aistríodh sean-séipéal tréigthe, a tógadh breis agus 100 bliain ó shin, ina shéipéal scátála – La Iglesia Skate – tiomnaithe ag comhghrúpa de scátálaithe na cathrach.

Mar a bheadh Séipéal Sistíneach nua-aoiseach ann, tá an séipéal scátála aitheanta mar theampall don ealaín uirbeach agus an t-ainm ‘Kaos Temple’ baiste air.

Skate

In áit Michelangelo na 16ú haoise, is é Okuda San Miguel, ealaíontóir iomráiteach as Maidrid, atá taobh thiar den tsraith múrmhaisithe agus fíoracha geoiméadracha ar bhallaí agus síleáil stuach (vaulted) an tséipéil.

Kaos

Le feachtas slua-chistithe rathúil, urraíocht ó Red Bull agus cuidiú ó thriúr ealaíontóirí eile – Antonyo Marest, Pablo Hatt agus Mister Piro – chríochnaigh Okuda an séipéal taobh istigh de sheacht lá.

skatechurch

Tá sé anois oscailte don phobal scátála agus é ag tarraingt aird an domhain mhóir.

Breathnaigh ar an agallamh seo le Okuda ina bpléann sé a chuid ealaíne atá le feiceáil sa Kaos Temple.