D’fhágfadh an Mòd díomá ar Ghael Éireannach
tuairisc ó Albain

Ag scríobh leis in 1948, bhí an méid seo  le rá ag an Seabhac, Pádraig Ó Siochfhradha, faoin gcaidreamh idir Gaeil na hÉireann agus ár gcol ceathracha in Albain: 

Dá mb’é an tAigéan Athlantach a bheadh eadrainn i n-ionad Sruth caol na Maoile ní bheadh níos lugha d’aithne againn ar a chéile . . . Annso in Eirinn, leath amuich d’fhíor-bheagan daoine, tá pobal na nGaedheal gan eolas ar staid na Gaedhilge in Albain. Ní eol dóibh an teanga féin na a cuid litridheachta ná cad táthar a dhéanamh ar a son tré dhúthracht an phobail.

Cé go bhfuil rudaí dulta i bhfeabhas rud beag ó shin, tá cuid mhaith den fhírinne fós le sonrú sa ráiteas seo dar liom. Is iomaí sampla a d’fhéadfainn a thabhairt, ach léiriú amháin air seo é an laghad cainte a chloiseann an chuid is mó de phobal na Gaeilge in Éirinn ar an Mòd an fhéile is mó i saol na Gaeilge in Albain. Bíodh is go bhfuil mé tar éis cuid mhaith den am le ceithre bliana anuas a chaitheamh i mo chónaí i nDún Éideann, ní raibh mé riamh ag an Mòd mé féin go dtí i mbliana. 

Agus mé ag an fhéile an tseachtain seo caite, bhí deis agam radharc eile a fháil ar an saol Gaelach in Albain agus mo thuiscint féin ar chultúr na nGael eile a fheabhsú dá réir. 

Cosúil leis an Oireachtas s’againne, is ócáid sheanbhunaithe í an Mòd Nàiseanta Rìoghail, chun a theideal iomlán a thabhairt air. Bhunaigh an Comunn Gàidhealach in 1892 é, tráth a raibh tuiscint ar thábhachtach na teanga ag fás i measc sciar áirid de mhuintir na hAlban, mar a bhí in Éirinn ag an am céanna — an chuid Ghaelach de thonn an náisiúnachais chultúrtha a bhí i réim ar fud na hEorpa. 

Cé go gceapfá dá bharr gur macalla den tréimhse sin é an “Rìoghail” [ríoga] atá sa teideal, ní mar sin atá — tugadh stádas ríoga don ócáid in 1992 nuair a ceapadh banríon Elizabeth mar phatrún na hócáide. Cé go bhfuil cosúlachtaí móra idir cultúr na nGael in Éirinn agus in Albain, tá difríochtaí suntasacha ann freisin, go háirithe ó thaobh na polaitíochta de!

Rud atá le moladh go mór faoin Mòd ná go dtarlaíonn sé go minic in áiteacha ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt mar theanga dhúchais (fiú más ar éigean fhéin é) — Steòrnabhagh i Leòdhas nó Port Rìgh ar an Oileán Sgitheanach, mar shampla. Amantaí eile bíonn sé i nGlaschú nó áiteacha eile in iar-Ghaeltacht na ngarbhchríocha. 

Is i gceantar mar sin, Dún Omhain in Earra-Ghàidheal, tuairim is uair go leith siar uaidh Ghlaschú a bhí sé i mbliana. Cé gur cailleadh an Ghaeilge mar theanga phobail sa gceantar sna 1950idí, tá sruth Gaeilge i mbunscoil an bhaile anois agus tá roinnt daoine ag triail le hathbheochan a dhéanamh ar an gcanúint a labhraítí ann go fairsing tráth.

Comórtais amhránaíochta is mó a bhíonn ann i gcaitheamh na féile, le formhór na béime ar na cóir Ghaelacha atá mar chuid lárnach de shaol na Gaeilge in Albain. Murab ionann agus an tOireachtas, ní bhíonn comórtais damhsa ann, áfach, ná seimineáir phlé ná díospóireachtaí, agus is lú i bhfad líon na ndaoine a fhreastalaíonn ar an ócáid uile go léir. D’eagraigh Misneachd sraith cainteanna poiblí, ceann gach lá ar feadh na seachtaine chun gnéithe éagsúla dár bplean do Ghaeilge na hAlban a phlé — rud a bhí sách difriúil ón ngnáth rud a tharlaíonn ag an Mòd, ón méid a chuala muid.

Ba chosúil go raibh cuid de lucht eagraithe na féile ruainnín beag amhrasach fúinn i dtosach, ach d’éirigh go hiontach linn mar sin féin. Bhí neart plé sna meáin faoin bplean agus is iomaí duine a tháinig chuig ár seastán in ‘Halla na Banríona’ chun ár n-iarrachtaí a mholadh.

Cé gur lú i bhfad an Mòd ná an tOireachtas, bíonn céilithe sách mór istoíche ag tarraingt ar dheireadh na seachtaine. Ach don té a bhfuil taithí aige ar an Oireachtas tá sé suntasach nach mbíonn mórán mac léinn tríú leibhéal i láthair, rud a fhágann nach bhfuil an bheocht chéanna ann is a bhíonn ag an Oireachtas go minic. Agus fás tagtha ar an gceol nua-aimseartha i nGaeilge na hAlban le blianta beaga anuas, le grúpaí cosúil le Niteworks agus Whyte tar éis teacht chun tosaigh, shílfeá go mbeadh féidearthachtaí móra ann le hócáidí faoi leith a dhíreodh ar mhic léinn Ghaeilge a eagrú ann. Bhunaigh an Comunn Gàidhealach coiste óige i mbliana, mar sin tá seans ann go dtarlóidh a leithéid fós. Ba mhór an feabhas é gan bhréag. 

Ar an gcaoi chéanna a cheapfadh Breathnach atá i dtaithí ar an Eistedfodd go bhfuil an tOireachtas cineáilín suarach lena hais sin, d’fhágfadh an Mòd díomá ar Ghael Éireannach ar bhealach. Bhí go leor Béarla le cloisteáil ann agus mura bhfuil suim agat sa stíl amhránaíochta atá ag na cóir ní bhíonn mórán eile ann duit, dáiríre. Ach mar sin féin is dóigh gur fiú é a fheiceáil, go háirithe más mian linn an ganntanas tuisceana a d’aithin a Seabhac a leigheas agus taithí a fháil ar an saol Gaelach a mhaireann beo in Albain i gcónaí, fiú más i ngan fhios do go leor againne é. Leis an oiread sin saibhris fós ar fáil sa gcultúr Gaelach in Albain, ba thrua gan a leigheas.