Dia ársa nó seanphornagrafaíocht?
Scéal Shíle na gCíoch

Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan is fiú aithne a chur ar Shíle na gCíoch, feimineach na Meán-Aoise a snoíodh i gcloch ar fud na tíre. Ní bheidh aiféala ort aithne a chur uirthi mar is iontach agus uafásach an radharc a gheobhaidh tú. Bean bhródúil is ea í ar a gogaide, a corp iomlán nocht, a cosa oscailte, a lámh ar a pit agus í ag stánadh amach ort.

Tá 110 Síle ar a laghad scaipthe ar fud na tíre agus in ainneoin go mbaineann sí le saol na collaíochta, tá an líon is mó díobh le feiscint ar shéipéil. Ach cad ba bhunús le Síle? Ar Dhia ársa na torthúlachta ab ea í nó ar sheanphornagrafaíocht í do mhanaigh chráite?

Níl a fhios againn go díreach go fóill. Síolraíonn Síle ón 11ú haois ag tús ré na Normannach in Éirinn. Ar shéipéil, ar chaisleáin agus ar thoibreacha beannaithe a bhíonn sí. Faraor is minic a scriosadh í de bharr a gháirsiúla is atá sí agus mar sin ní fios cé mhéad a bhíodh ann.

Cá bhfuil siad le feiscint? 

Chruthaigh an Chomhairle Oidhreachta léarscáil idirghníomhach ar a dtaispeántar breis agus céad dealbh, agus is féidir eolas a aimsiú faoi Shíle i do cheantar féin ansin. Tá sí i mBun Raite, i gCaiseal agus i Mullach Íde, agus go leor áiteanna eile.

 

Cad faoina hainm? 

‘Sheela na Gig’ a thugtar uirthi i mBéarla. Meastar gur ionann ‘Gig’ agus ‘cíoch’ ach táthar ann a déarfadh go bhfuil nasc idir gig agus ‘ina giob’ a chiallaíonn ‘gogaide’.

“That one is a right Sheela,” a deir máthair mo charad i mBéarla agus í ag breathnú ar chailíní leathnochta MTV. San Astráil tugtar ‘Sheela’ ar mhná, mar sin d’fhéadfaí an argóint a dhéanamh go bhfuil Alf Stuairt ar Home and Away ag spalpadh Gaeilge i ngan fhios dó féin.

Cad fé ndeara iad? 

Deir an taighdeoir Breatnach, John Harding nach bhfuil sna ‘Sílithe’ ach píosaí ornáidíochta chun maise a chur ar áit — beagán de bling dána na meánaoise. Cuireann staraithe eile ina choinne sin. Deir Barbara Freitag, údar Sheela na Gigs: Unravelling an Enigma gur bhandéithe a bhí iontu a raibh baint acu le bás agus beatha an duine.

Tá teoiric eile ann gur rabhadh a bhí i Síle do dhaoine gan caidreamh collaí a dhéanamh, mar gheall ar an gcuma scéiniúil atá uirthi mar dhealbh agus a haghaidh chnaíte agus a cíocha tite.

Tá scéalta sa bhéaloideas faoi mhná nárbh fhéidir leo leanbh a thabhairt ar an saol ag tabhairt cuairt uirthi agus iad ag súil go n-éireoidís torrach.

Ach a mhalairt de scéal atá beo sa bhéaloideas i gCeanannas i gCill Chainnigh. Bhí sé de nós ag cailíní áitiúla teacht chuig dealbh de Shíle tar éis dóibh luí le fear, mar go raibh eagla orthu go mbeidís ag iompar. Nuair a chuala an sagart paróiste go raibh Síle fial flaithiúil leis an morning after pill, d’ordaigh sé go mbainfí agus go scriosfaí an dealbh de bhalla an tséipéil.

Bhí capall rása ag an bhfear ba shaibhre i gCill Chainnigh sna 1930idí, an Maor Dermot McCalmount, agus ‘Shile-na-Gig’ ab ainm di. Do bhuaigh an capall rásaí móra, agus insítear scéalta fós go ndearna daoine airgead mór nuair a chuir siad geall ar “Shile-na-Gig”.

Síle sa lá atá inniu ann 

Le blianta beaga anuas tá scoláirí feimineacha ag déanamh athscríobh ar scéal Shíle. Feictear anois í mar shiombail fhuinniúil dhearfach an ghnéis. Deir an scríbhneoir Molly Muillin ina saothar Representations of History, Irish Feminism, and the Politics of Difference gur siombail dóchais agus siombail athraithe í. De réir an scoláire Georgia Rhodes, tá ceacht le foghlaim ó Síle, a bheith bródúil as ár gcolainn, reibiliúnach agus beagáinín dána! Ceiliúraigí Síle!