DS Fair Plé agus ceithre imeacht eile

 

Ag Faobhar an Lae, taispeántas ealaíne le hÁine Ní Chiobháin, Dánlann Gormley’s, Sráid Fhreidric Theas, as seo go 19 Meán Fómhair.

‘Ag Faobhar an Lae’ an teideal atá ar thaispeántas ealaíne Áine Ní Chiobháin, atá crochta i nDánlann Gormley’s ón Déardaoin seo caite. Is Corcaíoch í Áine, de bhunadh Chorca Dhuibhne agus aithne mhaith ní hamháin uirthi féin ó thaobh na na healaíne de, ach ar a hathair chomh maith, Tomáisín Ó Ciobháin. Go deimhin, bhíodar beirt faoi agallamh ag Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas Dé Céadaoin seo caite faoina gceird, (éist lena gcuid cainte ag an nasc seo seo). Beidh saothar a hathar agus a dlúthchara Honora O’Neill mar chuid den taispeántas seo chomh maith, a bheidh ar taispeáint go dtí an 19 Meán Fómhair.

 

Seisiún sa Mhúsaem, saem Bhaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí; Dé Sathairn 8 Meán Fómhair @ 11:30

Tá tús curtha le cúpla seachtain anuas le seisiún oscailte sa Mhúsaem ar an mBuailtín. Cuirtear fáilte mhór roimh cheoltóirí, amhránaithe, filí, lucht scéalaíochta agus siamsaíochta a bheith i láthair uair sa tseachtain don teacht le chéile sóisialta seo.  Bíonn míle fáilte roimh lucht féachana ag na himeachtaí seo, chun páirt a ghlacadh más áil leo, nó díreach fanacht sochair! Fútsa an rogha, scaip an scéal!

 

Pop Up Gaeltacht, bhairne Lucey’s, New St. Beanntraí, Corcaigh; Dé Sathairn 8 Meán Fómhair @ 21:00

Is beag seachtain nach mbíonn Pop Up Gaeltacht ann áit éigin! An tseachtain seo, is i gCorcaigh a bheidh sí ar siúl. Tábhairne Lucey’s.i mBeanntraí atá i gceist agus is ann a bhuailfidh lucht labhartha na Gaeilge le chéile óna naoi a chlog.

 

Deireadh seachtaine d’imeachtaí Fair Plé, 8-9 Meán Fómhair, Halla na Saoirse, Baile Átha Cliath

Tá faobhar faoin bhfeachtas Fair Plé, a bhfuil sé mar aidhm ag lucht a bhunaithe cothromaíocht inscne a bhaint amach i ngach gné den gceol traidisiúnta agus tuaithe in Éirinn. Tá ócáidí eagraithe acu le tamall anuas agus iad ag díriú ar shraith d’ócáidí faoi leith an deireadh seachtaine seo, i mBaile Átha Cliath. Is i Halla na Saoirse a bhaileoidh lucht an cheoil agus an lucht freastail le cluas a thabhairt do chainteoirí éagsúla a bheidh ar phainéil agus ceisteanna móra an tionscadail á bplé acu.

Ina measc beidh caint faoi ról na mban, ciapadh gnéasach i saol na n-ealaíon trí chéile agus comhairle a thabharfaí do dhuine a mbeadh suim acu gairm beatha a bhaint amach tríd an gceol. Is ar an Sathairn a bheidh na cainteanna; Dé Domhnaigh ansin, cuirfear clabhsúr leis an ócáid le coirm mhór. Páirteach beidh: Muireann Nic Amhlaoibh, Síle Denvir, Barry Kerr & Dónal Lunny, ATLAS, John Spillane, Emma Langford, Jane Walls agus Seán McKeon, Niamh Parsons agus Graham Dunne, Úna Monaghan agus The Friel Sisters. Táim ag súil go mór leis, cífidh mé ann sibh!

 

Ag caint leis an Simné? Dúshlán an Traidisiún agus Nualitríocht na Gaeilge’, seoladh leabhar nua le Louis de Paor, Seomra G010 Institiúid de Móra, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Déardaoin 13 Meán Fómhair @ 17:00

Ag caint leis an Simné? Dúshlán an Traidisiún agus Nualitríocht na Gaeilge’ teideal leabhar nua le Louis de Paor, agus seolfar é Déardaoin seo chugainn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is faoi Michael Cronin a bheidh an cúram sin. Cnuasach aistí atá sa leabhar, ina bhfiosraíonn de Paor gnéithe éagsúla de shaothar fhilí agus scríbhneoirí móra próis na Gaeilge chun an gaol idir an scríbhneoir aonair is an traidisiún a tháinig roimhe a iniúchadh. Is iad Cló Iar-Chonnacht na foilsitheoirí.