Éigsí iontacha in Oirialla & Béal Feirste
Beidh Gaeil Uladh gnóthach an ds seo!

San oíche amárach, in Ó Méith Mara ar Leathinis Chuaille, cuirfear tús le ceiliúradh ar leith ar oidhreacht Ghaelach oirdheisceart Uladh.

Éigse Oirialla – Amhráin agus Ceol is teideal don teacht le chéile speisialta seo atá á reáchtáil i sráidbhaile beag ina raibh cainteoirí dúchais Gaeilge fós beo ag deireadh na 1960í.

Is í an ceoltóir agus údar aitheanta as Oirialla, an Dr. Padraigín Ní Uallacháin, a chuir clár na hÉigse le chéile agus tá sraith ceolchoirmeacha, ceardlanna, taispeántas agus cainteanna beartaithe idir an Aoine agus an Domhnach.

Eagarthóir na hirise seo agus fear de bhunadh an cheantair, Tomaí Ó Conghaile, a sheolfaidh an Éigse go hoifigiúil in Óstán Granvue ar 7in amárach agus, ina dhiaidh sin, rachaidh clann cheolmhar Mhic Ruairí as Rann na Feirste ar ardán chun tús séiseach binn a chur le himeachtaí an deireadh seachtaine.

Tá sean-nasc láidir idir Ó Méith agus Rann na Feirste mar ba i dteach mór ar imeall an bhaile a bhí Coláiste Bhríde lonnaithe sular aistríodh na cúrsaí Gaeltachta go Tír Chonaill sa bhliain 1926.

Ní hé sin an t-aon cheangal atá á athmhúscailt ach an oiread mar idir na blianta 1969 agus 1994 bhí eagraíocht ar an fhód darb ainm Éigse Oirialla a chuir litríocht Ghaeilge oirdheisceart Uladh os comhair an phobail agus a rinne ceiliúradh ar thraidisiún saibhir Gaeilge an cheantair.

Beidh Éigse Oirialla 2015 ag leanúint an traidisiúin sin agus ag cuidiú le todhchaí gheal a chruthú do phobal na Gaeilge sa dúiche.

I measc na gceoltóirí agus amhránaithe eile a bheas i mbun aicsin le linn na hÉigse tá Dr Lillis Ó Laoire, Brian Ó Domhnaill, Máire Ní Choilm, Gerry O’Connor, Dónal O’Connor, Zoe Conway, Gráinne Holland agus Sylvia Crawford.

Tá breis eolais agus clár iomlán na hÉigse le fáil ar eigseoirialla.org

1916-stampa

Agus na Gaeil bailithe le chéile in Ó Méith, beidh slua eile ag teacht le chéile uair an chloig síos an bóthar i mBéal Feirste le haghaidh Éigse Loch Lao.

Imeacht bliantúil de chuid Ollscoil Uladh í an Éigse seo agus i mbliana is ar ról na Gaeilge in Éirí Amach 1916 a dhíreofar na léachtaí.

Cuirfidh an Dr. Regina Uí Chollatáin tús leis na cainteanna ag 7in amárach i Léachtlann William Conor san Ollscoil sula mbronnfar Gradam Mhic Ádhaimh ar Albert Fry, Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ceoltóir agus craoltóir iomráiteach a raibh an-bhaint aige le Cumann Chluain Ard sa chathair thar na blianta.

Ar na cainteoirí eile a bheas le cluinstin thar an deireadh seachtaine tá Fionntán de Brún, Róisín Ní Ghairbhí, Ríona Nic Congáil, Aindrias Ó Cathasaigh, Alan Titley agus Hugh Rowland.

Beidh ceol agus craic i ndiaidh na léachtaí, oíche Aoine agus oíche Shathairn, in Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma.

Tá clár iomlán Éigse Loch Lao le fáil anseo.