Fainic fuacht Phádraig!

Scairt amach an chéad rud a ritheann leat faoi Lá Fhéile Pádraig!

Seamróga? Guinness? Seisiúin cheoil? Damhsa Gaelach? Iomáint? Peil? Paráidí móra? Cur-i-Gaelachas? Daoine ag maíomh ginealais? Póit an 18 Márta?

Nach cinnte go bhfuil cuid mhór díobh seo i gceist an lá seo gach bliain.

Ach ní hiad a ritheann liomsa, ach focal beag ceithre litir.

Glas.

Nach mbíonn gach rud faoin spéir glas againn ar an lá mór? Seamróga, cótaí, hataí, bróga, peataí an tí, cístí agus bonnóga, beoir, gruaig daoine, boilg daoine an lá dar gcionn, aibhneacha. Agus nach mbíonn idir pháistí beaga soineanta agus pháistí móra ar cheart crothán beag níos mó céille a bheith acu araon feistithe ó bhonn go baithis faoin ghlas chéanna.

Shílfeá nach bhfuil aon leid faoin spéir ghorm, nó liath, is fearr a léiríonn gur Éireannach go smior thú ach gach paiste de do chorp agus de gach rud ar leat ar an saol seo a bheith cumhdaithe faoi dhath glas.

Agus le fírinne, ní chuireann sin isteach ná amach orm féin nó cé nach é an dath is mó a thaitneodh liomsa go pearsanta é agus nach mbacaim leis an nós seo Lá Fhéile Pádraig, beatha duine a thoil!

Agus ó tharla an fhírinne a bheith searbh agus garbh araon, cé mise i ndáiríre le haon chomhairle faisin a chur ar aon duine — go deimhin féin is amhlaidh a déarfadh daoine cineálta áirithe ar m’aithne gurbh fhearr agus gur shlachtmhaire i bhfad an chuma a bheadh orm ach na cultacha uafara glasa céanna a chaitheamh níos minice! Ach ní aontóinn leo – cuir hata leipreacháin ar ghabhar agus is gabhar i gcónaí é, an dtuigeann tú.

Ach tá rud amháin a bhíonn glas gach uile bhliain ar an 17 Márta. Rud éigin nach bhfuil neart againn air is dócha. Tá mé cinnte de gur thug tú faoi deara é má chaith tú Lá Fhéile Pádraig ar thalamh na hÉireann riamh.

Agus tá an pointe sin iontach tábhachtach, nó ní gach duine a mhothódh an glas céanna seo mura raibh siad in Éirinn don lá mór riamh. D’fhéadfá a bheith san Astráil agus ní thabharfá faoi deara é. Nó b’fhéidir gurb as Meiriceá Theas thú agus ní thuigfidh tú cad atá i gceist agam óir déarfainn nach raibh sé de…phléisiúr agat an glas seo a mhothú riamh roimhe.

Ach céard é féin?

An aimsir, a dhuine!

Is féidir, ar ndóigh, glas a úsáid mar aidiacht chun cur síos ar fhuacht na haimsire agus is go seoigh a oireann sé do lá mór na hÉireann.

Dá mbeadh iontráil i bhfoclóir aonteangach seans go mbeadh cruth mar seo uirthi:

Aimsir ghlas: fuar; gruama; bioranta; riabhach; ribeach; goimhiúil; dearóil; feanntach; anróiteach; gangaideach; préachta; conáilte; chonálfadh sé na corra; bhainfeadh sé an fhéasóg den chat; na trí ní ar féidir deimhin a dhéanamh de sa saol seo, an bás, cáin agus conáil Lá Fhéile Pádraig.

Níl a fhios agam cad is cúis leis, ach is beag Lá Fhéile Pádraig nach cuimhin liom gan a bheith préachta ag an aimsir. Aimsir den déanamh is glaise amuigh – dá gcaithfí a raibh d’aibhneacha glasa, de bheoir ghlas agus de fheistis ghlasa shaora isteach i gcoire mór millteach ní bheadh sé baol ar bheith chomh glas le haimsir an 17 Márta.

Is cuma chomh maith leis an aimsir suas a fhad leis an 16 Máirt – bíodh ina dhoineann nó ina shamhradh ó thús na bliana go fiú, bíonn Pádraig anuas go trom orainn.

Mar sin de, a léitheoir, sula dtosaíonn tú ag mallachtach ar athchuairt an phoic ar buile nó an Torathair Anoir atá le teacht chugainn arís eile an deireadh seachtaine seo, léiríonn fianaise fhuar(chúiseach) na mblianta fada a chuaigh romhainn gur amuigh ar féarach atá an poc agus go bhfuil an Torathar réidh linn.

Is é Pádraig féin agus a cuid diabhlaíochta is cúis leis an drochaimsir ar fad atá chugainn creidim.

B’fhéidir nach glas iad na cnoic i bhfad uainn i gcónaí, ach féach ag an am seo bliana gur teo.

Fainic Íodh Márta cinnte, ach fainic fuacht Phádraig chomh maith