Féasta na Bealtaine — An Bhealtaine Bheo ar líne leis an gCultúrlann

Beidh ceolchoirm ar líne á reáchtáil ag Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine le ceiliúradh a dhéanamh ar fhéile ársa na nGael, an Bhealtaine.

Beidh ‘Féasta na Bealtaine’ ar siúl Dé hAoine, an 1 Bealtaine, ag 20.30 ar leathanach Facebook agus ar chainéal YouTube na Cultúrlainne, agus “ceoltóirí iontacha as gach cearn den tír” páirteach ann. 

Beidh leithéidí Zoë Conway, Emma Ní Fhíoruisce, Diane Cannon agus Gráinne Holland an tí seo ag glacadh páirte sa gceolchoirm ar líne chomh maith le Brighde Chaimbeul as Albain, i measc ceoltóirí eile. 

“Tá mé ag súil go mór a bheith mar bhean an tí agus scoth na gceoltóirí agus na n-ealaíontóirí , go háirithe na mná atá i lár an aonaigh an uair seo, a chur i láthair daoibh agus sibh ag baint suilt as an cheolchoirm ón bhaile,” a dúirt Caoimhe Ní Chathail a chuirfidh an ceolchoirm i láthair ar leathanaigh na Cultúrlainne ar na meáin shóisialta. 

Dúirt Caoimhe go bhfuil sé tábhachtach “tacaíocht a thabhairt do cheoltóirí agus ealaíontóirí” aimsir na paindéime chomh maith le siamsaíocht a chur ar fáil don phobal. 

“Tá muid ag dréim go mór leis an gcéad cheolchoirm beo ar líne de chuid na Cultúrlainne chun ceiliúradh a dhéanamh ar an Bhealtaine. Déanfar ceiliúradh fríd cheol, amhráin agus filíocht agus beidh scoth na siamsaíochta againn ón 20.30 ar aghaidh. Tá sé tábhachtach dar linn san am i láthair tacaíocht a thabhairt do cheoltóirí agus ealaíontóirí fríd ardán a thabhairt daofa agus dar ndóigh siamsaíocht a chur ar fáil don phobal,” a dúirt sí. 

Ní bheidh aon chostas ar an gceolchoirm, agus beidh deis ag na daoine a bheidh sa mbaile ag baint taitnimh as an oíche síntiús a thabhair trí PayPal.

“Cuirfear fáilte roimh shíntiúis agus rachaidh an t-airgead sin i dtreo na dtograí leanúnacha atá ar bun ag an Chultúrlann le healaíontóirí agus ceoltóirí. Is é ‘Féasta na Bealtaine’ an chéad cheann de shraith ceolchoirmeacha a bheidh á sruthú ar líne ag an Chultúrlann chun ceiliúradh a dhéanamh ar chuid d’fhéilte Ceilteacha agus Gaelacha an tsamhraidh,” a dúirt Caoimhe. 

Beidh eolas faoin leathanach PayPal ar fáil go luath agus beidh an cheolchoirm ar siúl ar YouTube agus Facebook na Cultúrlainne Dé hAoine ag 20.00.