Féile Bia an Daingin 2020 curtha ar ceal

Fógraíodh tráthnóna nach mbeidh Féile Bia an Daingin á reáchtáil i gCorca Dhuibhne i mbliana mar gheall ar scaipeadh an víris chorónaigh in Éirinn. Bhí an fhéile ceaptha a bheith ar siúl an chéad deireadh seachtaine de mhí Dheireadh Fómhair i mbliana, ach deir coiste na féile anois nach mbeifear á reáchtáil ar chor bith. 

I ráiteas a eisíodh inniu, dúradh go raibh dóchas ag baill an choiste ar dtús go bhféadfaí an fhéile a reáchtáil ach nach féidir anois mar gheall ar an víreas. 

Chuaigh an coiste i mbun comhairle leis an nGarda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Comhairle Contae Chiarraí agus le coistí ó fhéilte eile ar fud na tíre sula ndearnadh an cinneadh gan dul ar aghaidh leis an bhféile. Cinneadh nach bhféadfaí moltaí an FFS maidir leis an scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm ag an bhféile dá reáchtálfaí í. 

Dúradh gur “sábháilteacht na n-oibrithe deonacha, na gcustaiméirí, na ngnólachtaí áitiúla agus an phobail uile” ba chúis leis an gcinneadh, agus nach féidir aon imeacht de chuid na féile a reáchtáil i mbliana. 

“Ó thosaigh Féile Bia an Daingin, d’oibrigh meitheal dheonach go dian díograiseach chun go mbeadh gach rath ar an bhféile. Is mór an díomá don gcoiste go gcaithfear an fhéile a chur ar ceal, féile a thaitníonn go mór leis na sluaite, ach tuigimid gurb é seo an cinneadh ceart. 

“Mar aon le háiteanna eile timpeall na tíre, tá Corca Dhuibhne buailte de bharr na paindéime seo. Is ceantar draíochtúil é Chorca Dhuibhne a bhfuil togha gach bídh agus rogha gach dí ar fáil i ngach aird,” a dúradh sa ráiteach. 

Tá súil ag an gcoiste an fhéile a reáchtáil an bhliain seo chugainn, ar an gcéad deireadh seachtaine i mí Dheireadh Fómhair 2021.