Féile na Carraige sa tsiúl
Séamus Barra Ó Súilleabháin, Tonnta, Scannal agus tuilleadh!


Cuireadh tús oifigiúil le Féile na Carraige inniu in Uachtar Chluanaí i mBéal Feirste agus beidh clár plódaithe d’imeachtaí ag titim amach as seo go ceann sé lá eile.

Den chéad uair, beidh an scléip ar fad, nach mór, ar siúl i nGael-Ionad Mhic Goill, foirgneamh nua in Uachtar Chluanaí dírithe ar an aos óg agus ar imeachtaí pobail.

Tá an t-ionad úr ainmnithe as Seán Mac Goill, ceannródaí i ngluaiseacht Bhóthar Seoighe agus fear mór pobail a bhí páirteach i dtograí forbartha éagsúla sa cheantar.

Dar le Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Ghlór na Móna, an eagraíocht phobail atá ag reáchtáil na féile, beidh meon dearfach na dlúthpháirtíochta agus na comhoibre á chur chun cinn sna himeachtaí le linn na seachtaine.

“Cruthaíonn croí sláintiúil intinn oscailte,” ar sé.

“Ba mhian linn spásanna éagsúla a chruthú do dhaoine le hatmaisféar taitneamhach ina dtig leo páirt a ghlacadh agus machnamh a dhéanamh ar stair, ar an phobal, ar pholaitíocht agus ar chultúr.”

Chuige sin, tá meascán breá i gclár na bliana seo: comórtais CLG, ceardlanna sláinte, scríbhneoireachta agus filíochta, rith carthanachta 10k, cainteanna staire agus polaitíochta, drámaíocht, taispeántas scannáin agus oíche mhór cheoil le muintir an G-Spota.

Beidh Tonnta ar an ardán den chéad uair sa tuaisceart ag an G-Spota Dé Sathairn, agus más comhartha ar bith é scoth an cheoil a bhí ar bun acu thar an deireadh seachtaine agus iad ag ullmhú don ghig (thíos), féadfaimid a bheith ag súil le hardoíche cheoil!

Ar stáitse an oíche chéanna beidh an Gael óg JJ Ó Dochartaigh, agus leanfar é sin le polcaí leictreacha Scannal ag an Super Céilí.

Is deas go bhfuil dhá chomóradh thábhachtacha san áireamh sa chlár imeachtaí: comóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca agus comóradh 35 bliain na Stailce Ocrais.

Dé Céadaoin ag a 6in, taispeánfar Bobby Sands: 66 Days, scannán faisnéise bunaithe ar dhialann phríosúin Bobby a scríobh sé le linn na stailce ocrais.

Tar éis an scannáin, beidh deis ag an lucht féachana ceisteanna a chur ar Shéanna Breathnach agus ar Jake Mac Siacais, a bhí i ngéibheann le Bobby.

Meascán de chaint agus ceol a bheas ar bun ag Lorcan Collins, staraí iomráiteach, agus ag an amhránaí Pól Mac Adam Déardaoin ag 7in ag Léacht Bhliantúil Harry Holland: ‘The Life and Times of James Connolly in Song and Story’.

I measc na mbuaicphointí eile tá Seisiún Scríbhneoireachta agus Filíochta le Séamus Barra Ó Súilleabháin (Dé hAoine ag 2.00in), Qigong le Gráinne Ní Ghilín (Dé Céadaoin ag 10in), Machnamh le Katie McGreal (Dé Céadaoin 3-4in) agus dráma aon aisteora le Rosie Nic an Fhailí, ‘Rachel Corrie is ainm domh’ (Dé hAoine ag 8.00in).

Beirigí bua agus bainigí ardtaitneamh as an fhéile! Hup!


Titfidh imeachtaí Fhéile na Carraige amach 3-9 Deireadh Fómhair 2016 i nGael-Ionad Mhic Goill, 4 Clós na Carraige Báine, Béal Feirste. Faigh cóip de chlár na bliana anseo